
An chaoi a n-oibríonn sé
Tá WiFi4EU oscailte do bhardais agus do chomhlachais atá curtha ar bun ag bardais (sa dara cás acu sin déanann bardas amháin iarratas ar son ceann amháin nó níos mó de bhaill an chomhlachais). Nuashonraíonn na Ballstáit an liosta d’eintitis incháilithe roimh gach glao ar iarratais.
Nuair atá dearbhán buaite ag bardas, is féidir leis na baill the WiFi4EU a shuiteáil in aon áit phoiblí a mheastar a bheith ina áit lárnach i saol an phobail, e.g. halla an bhaile, leabharlann phoiblí, ionad sláinte, músaem, páirc.
Leis an dearbhán tugtar méid seasta maoiniúcháin do gach bardas. Is chun costais an trealamh agus na suiteála a chlúdach a úsáidtear an t-airgead sin; maidir le nascadh an trealaimh agus a chothabháil is é an tairbhí a sheasann an costas sin ar feadh trí bliana. Is iad na bardais a gheobhaidh dearbhán a roghnóidh "na hionaid ina gcruinníonn an pobal" ina suiteálfar na baill the (i.e. na pointí rochtana gan sreang) WiFi4EU. Is féidir leis na tairbhithe an dearbhán WiFi4EU a úsáid chun tionscadal níos costasaí a pháirtmhaoiniú más áil leo é;
Sannadh na nDearbhán
Is ar bhonn ‘tús freastail ar an duine is túisce’ a shanntar dearbháin WiFi4EU. Chun cothromaíocht gheografach a chinntiú, beidh gach tír rannpháirteach i dteideal 15 dhearbhán ar a laghad, agus maidir leis an líon is mó is féidir a fháil, is céatadán de bhuiséad an ghlao a bheidh ann sin.
Conas iarratas a dhéanamh
Bainfear úsáid as nósanna imeachta simplí, nach mbaineann ualach trom maorlathais leo, chun WiFi4EU a chur i ngníomh, e.g. córas chun iarratais a dhéanamh ar líne, íocaíochtaí a dhéanamh le dearbháin, agus gan ach ceanglais éadroma mhonatóireachta a bheith le comhlíonadh. Aon bhardas ar mian leis dearbhán a iarraidh is an chéad rud is ceart dó a dhéanamh clárú ar thairseach WiFi4EU. Nuair a bheidh sé cláraithe, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh nuair a sheolfar an glao ach gabháil chuig an tairseach. Is ar bhonn “tús freastail ar an gceann is túisce” a roghnófar buaiteoirí na ndearbhán. Má bhíonn mí-ádh ort agus nach roghnaítear an chéad uair thú, bí istigh ar an gcéad ghlao eile.
An léarscáil de bhuaiteoirí WiFi4EU
Tá tionchar nithiúil ag an tionscnamh WiFi4EU ar bhardais ar fud an Aontais trí rochtain saor in aisce ar nascacht Wi-Fi a chur ar fáil do shaoránaigh i spásanna poiblí. Breathnaigh ar léarscáileanna na dtíortha le fáil amach cá háit ar féidir leat nascadh le líonra WiFi4EU poiblí saor in aisce!
Austria | Belgium | Bulgaria | Cyprus | Czech Republic | Germany | Denmark | Estonia | Greece | Spain | Finland | France | Croatia | Hungary | Ireland | Iceland | Italy | Lithuania | Luxembourg | Latvia | Malta | Netherlands | Norway | Poland | Portugal | Romania | Sweden | Slovakia | Slovenia | United Kingdom
Latest
Ábhar Gaolmhar
An Pictiúr Mór
Is é is aidhm don tionscnamh WiFi4EU rochtain saor in aisce ar Wi-Fi a thabhairt do shaoránaigh i spásanna poiblí, e.g. páirceanna, cearnóga, foirgnimh poiblí, leabharlanna, ionaid sláinte agus músaeim i mbardais ar fud na hEorpa.
Féach freisin
Is gearr an mhoill go mbeidh na saoránaigh agus cuairteoirí ar an mbardas laistigh den Aontas Eorpach, go mbeidh nasc Wi-Fi saor in aisce acu i spásanna poiblí a bhuí le WiFi4EU. Is féidir le do bhardas-sa dearbhán a iarraidh chun costais shuiteáil an Wi-Fi a iarraidh, a bhuí...
Is éard atá in WiFi4EU tionscnamh lena gcuirfear ar fáil na mílte ball te Wi-Fi a fhéadfar a úsáid saor in aisce, i spásanna poiblí i bpobail ar fud na hEorpa. Is cuideachta suiteála Wi-Fi thú, agus is mian leat tuilleadh eolais a chur ar WiFi4EU agus ar a shonraíochtaí teicniúla...