Beidh an seisiún ar siúl Dé Céadaoin an 30 Deireadh Fómhair, 14:00 – 15:30 Am Lár na hEorpa. Roghnaítear an tráthchlár sin chun a áirithiú go mbeidh an deis ag na réigiúin is forimeallaí a bheith rannpháirteach, mar a mhol an Coimisiún Eorpach.
Tar éis an fhógra a rinneadh le déanaí maidir le SCE Digiteach – Glao 4, díreoidh an seisiún seo ar an nglao maidir le Nascacht Chnámh droma le haghaidh Tairseacha Domhanda Digiteacha. Is é is aidhm don tionscnamh seo tacú le líonraí cnámh droma a chur in úsáid nó a uasghrádú mar chuid de Straitéis an Aontais maidir leis an Tairseach Dhomhanda Dhigiteach. Cuideoidh an glao sin le cáilíocht na nascachta a neartú laistigh den Aontas (lena n-áirítear na Tíortha agus na Críocha Thar Lear – OCTanna) agus idir na Ballstáit agus tríú tíortha araon.
Cuirfear tús leis an seisiún le réamhrá ó Eva Zandonella, Anailísí Beartais agus Comhordaitheoir in AS REGIO, a phléifidh rannpháirtíocht an Aontais le tíortha agus críocha thar lear agus a leagfaidh béim ar thábhacht na nascachta do na réigiúin sin. Ina dhiaidh sin, tabharfaidh Thomas Kuepper, Oifigeach Beartais in AS CNECT, mionléargas ar an nglao nua, lena n-áirítear na réitigh shonracha ar a ndíríonn sé agus na staidéir a dtacóidh sé leo.
Mar fhocal scoir, roinnfidh Rory Ryan, Comhordaitheoir Tionscadail Chóras Cábla PISCES a fhaigheann tacaíocht ó SCE, ceachtanna luachmhara a foghlaimíodh ó fheidhmchlár SCE Digiteach roimhe seo, lena dtabharfar léargas ó thaithí tionscadail san fhíorshaol.
Sleamhnáin &a; Taifeadadh
Faigh rochtain ar shleamhnáin an chur i láthair ón Lá Eolais, mar aon le taifeadadh den seisiún.