Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

Cibearshlándáil ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte

Chun cosaint níos fearr a thabhairt dá chórais cúraim sláinte agus chun timpeallacht níos sábháilte a chruthú d’othair, tá plean gníomhaíochta Eorpach maidir le cibearshlándáil ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte á sheoladh ag an Aontas.

 

Is iomaí tairbhe a bhaineann le digitiú seirbhísí sláinte d’othair, lena n-áirítear ríomhthaifid sláinte, teilileigheas, agus diagnóisic IS-tiomáinte. 

Mar sin féin, tá an cúram sláinte ar cheann de na hearnálacha is mó a ndíríonn cibirionsaithe agus ionsaithe bogearraí éirice orthu.   

 

50%
1
Left
thumbnail image of the video

Mínítear san fhíseán conas a díríodh ar sheirbhís sláinte náisiúnta na hÉireann in 2021 le cibirionsaí coiriúil. Chuir an t-ionsaí seo isteach ar sheirbhísí sláinte agus ar chórais ríomhaireachta.

50%
https://youtu.be/QyMvLHNbA5E

Tá an plean gníomhaíochta bunaithe ar 4 thosaíocht

Prevent

Cosc a chur ar 

Acmhainneachtaí na hearnála a neartú chun teagmhais chibearshlándála a chosc.

50%
0
Left
Detect 

Brath   

Uirlisí braite níos fearr a chur ar fáil don earnáil.

50%
0
Left
Respond and recover

Freagairt agus téarnamh  

Feabhas a chur ar fhreagairt agus ar théarnamh chun an tionchar ar chúram othar a íoslaghdú.

 

 

 

50%
0
Left
Deter 

Díspreagadh  

Gníomhaithe cibearbhagairtí a dhíspreagadh ó ionsaí a dhéanamh ar chórais cúraim sláinte na hEorpa.

 

50%
0
Left

Príomhfhigiúirí agus príomhdhúshláin chibearshlándála

309 cybersecurity incidents affecting the healthcare sector

Thuairiscigh na Ballstáit

309 dteagmhas cibearshlándála in 2023.
Foinse: ENISA.

50%
0
Left
Ransomware account for 54% of analysed cybersecurity incidents in the health sector

Is ionann

54 % de theagmhais bogearraí éirice*
agus teagmhais chibearshlándála in earnáil na sláinte (2021-2023).
Foinse: Tírdhreach Bagairtí ENISA: Earnáil na Sláinte (Iúil 2023)

50%
0
Left
81% of companies view difficulties in hiring cybersecurity staff as a key risk for potential cyberattacks

Measann

81 % de chuideachtaí go
bhfuil deacrachtaí maidir le foireann chibearshlándála a fhostú ina riosca do chibirionsaithe. 
Foinse: Eorabharaiméadar 2024 maidir le Cibearscileanna.

50%
0
Left
66% of cybersecurity roles are filled by employees transitioning from non-cybersecurity positions. 

Líonann fostaithe atá ag aistriú ó phoist neamh-chibearshlándála

66 % de na róil chibearshlándála. 

Foinse: Eorabharaiméadar 2024 maidir le Cibearscileanna.

50%
0
Left

* Is cineál cibearionsaithe é teagmhas bogearraí éirice ina bhfaigheann páirtithe neamhúdaraithe rochtain ar shonraí íogaire agus ina gcriptíonn siad iad, rud a fhágann nach bhfuil rochtain orthu, agus ina n-éilíonn siad íocaíocht mar mhalairt ar an eochair dhíchriptithe.

100%
0
Left

Príomhghníomhaíochtaí

Tacóidh ENISA, gníomhaireacht an Aontais um chibearshlándáil, le hospidéil agus le soláthraithe cúraim sláinte trína Lárionad Tacaíochta Eorpach nua um Chibearshlándáil

2025

  •  
    C1
    • Comhairliúcháin le páirtithe leasmhara a sheoladh
    • Comhbhord Comhairleach um Chibearshlándáil Sláinte a bhunú
    • Féachaint ar roghanna chun tacaíocht a thabhairt don earnáil sláinte le haghaidh tástáil ullmhachta
    • Uirlis mapála rialála a fhorbairt chun an t-ualach riaracháin a íoslaghdú
  •  
    C2
    • Tús a chur leis an obair chun Lárionad Tacaíochta Cibearshlándála Eorpach a bhunú d’ospidéil agus do sholáthraithe cúraim sláinte
    • Iarraidh ar pháirtithe leasmhara cibearshlándála gníomhaíochtaí a ghealladh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin
  •  
    C3
    • Treoir a fhorbairt maidir leis na cleachtais chibearshlándála is criticiúla
    • Creat a chruthú le haghaidh measúnuithe aibíochta cibearshlándála.
    • Treoirlínte nua soláthair a bhunú don chibearshlándáil i gcúram sláinte.
    • Treoir a thairiscint chun cabhrú le soláthraithe cúraim sláinte airgead fuascailte a sheachaint
  •  
    C4
    • Seirbhís Mearfhreagartha don earnáil cúraim sláinte a áireamh i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais
    • Catalóg Eorpach de leochaileachtaí aitheanta a shaothraítear a fhorbairt le haghaidh feistí leighis, RTSanna agus soláthraithe TFC
    • Príomhchineálacha bogearraí éirice a shainaithint lena ndírítear ar chúram sláinte
    • Moltaí a ghlacadh chun an Plean Gníomhaíochta a bheachtú a thuilleadh
    • Treoirthionscadail a sheoladh chun dea-chleachtais a fhorbairt maidir le measúnú riosca cibearshláinteachais agus slándála
       
100%
0
Right

2025-2026

  • Measúnú bliantúil ar Chibearaibíocht Sláinte a dhéanamh
  • Cláir Dearbhán Cibearshlándála a chruthú lena gcuirtear cúnamh airgeadais ar fáil chun bearta cibearshlándála a chur chun feidhme
  • Borradh a chur faoin gcomhar idirnáisiúnta i gcoinne gníomhaithe bogearraí éirice, go háirithe tríd an Tionscnamh Idirnáisiúnta chun Bogearraí Éirice a Chomhrac agus trí Mheitheal Chibearshlándála G7
100%
0
Right

2026

  • Modúil oiliúna agus cúrsaí a dhearadh do ghairmithe cúraim sláinte
  • Seirbhís síntiúis luathrabhaidh ar fud an Aontais agus seirbhís síntiúis aisghabhála bogearraí éirice a chruthú don earnáil sláinte

 

100%
0
Right

Ábhar Gaolmhar