Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

Tuarascáil Tíre Mhálta maidir leis an Deacáid Dhigiteach 2024

Feidhmíocht Mhálta i dtreo spriocanna agus cuspóirí na Deacáide Digití.

logo of Malta in the 2024 Digital Decade

 

In 2023, rinne Málta dul chun cinn suntasach i mbonneagar nascachta, agus go sonrach i rolladh amach líonraí Snáithín go dtí an tÁitreabh (FTTP). Mar sin féin, tá dúshláin fós ann maidir le bunscileanna digiteacha agus maidir leis an mbearna idir speisialtóirí TFC a líonadh. Le bliain anuas, tá dul chun cinn déanta ag fiontair Mhálta maidir le glacadh na hintleachta saorga agus an néil.

100%
1
Right
""

Dhá phríomhláidreacht nó réimsí dul chun cinn

Bonneagar nascachta

Shroich Málta an cumhdach 100 % cheana féin le haghaidh Líonra An-Ardtoillte (VHCN) agus 5G bunúsach.

Ardteicneolaíochtaí á nglacadh ag fiontair agus FBManna á ndigitiú

Tá éiceachóras FBManna an-dinimiciúil, agus leibhéal bunúsach déine digití ar a laghad ag 76,5 % de FBManna in 2023, agus glacann 68,3 % d’fhiontair Mhálta IS, néalanailísíocht nó anailísíocht sonraí, i gcomparáid le meán an Aontais de 54,6 %. 

100%
0
Left
""

Dhá phríomhlaigí nó réimsí le feabhsú

Speisialtóirí TFC

Tá an sciar de speisialtóirí TFC atá fostaithe marbhánta (4,7 % vs meán 4,8 % an Aontais), agus tá sé fós íseal i gcomparáid leis an éileamh is gá, le tearcionadaíocht na mban.

Bunscileanna digiteacha

Cé go bhfeidhmíonn Málta go maith sa táscaire seo, tá an fás bliantúil íseal i gcomparáid le KPInna eile.

100%
0
Left

Príomhtháscairí Feidhmíochta Mhálta

100%
0
Top

Treochlár straitéiseach Mhálta maidir leis an Deacáid Dhigiteach

Léirítear i dtreochlár Mhálta go bhfuil iarracht an-suntasach beartaithe ag an tír chun cuspóirí agus spriocanna na Deacáide Digití a bhaint amach. Leagtar síos ann spriocanna le haghaidh 12 as 14 eochairtháscaire feidhmíochta (KPInna) agus, sa chuid is mó de na cásanna, tá na spriocanna ailínithe le huaillmhianta 2030 an Aontais. Chun a claochlú digiteach a bhaint amach, tá sé beartaithe ag Málta buiséad iomlán a leithdháileadh (gan infheistíochtaí príobháideacha san áireamh) a mheastar a bheith cothrom le EUR 285 mhilliún (1.5 % OTI). 

 

100%
0
Left
""

 

Cearta agus prionsabail dhigiteacha

Léirítear san Eorabharaiméadar Speisialta ‘Deich mBliana Digiteacha 2024’, in ainneoin laghdú suntasach 16 phointe, go gcreideann 49 % de fhreagróirí Mhálta go gcosnaíonn an tAontas a gcearta digiteacha, beagán os cionn mheán 45 % an Aontais. I measc na dtreochtaí dearfacha tá ardtábhacht na dteicneolaíochtaí digiteacha, e.g. chun nascadh le cairde agus le teaghlaigh (86 %), atá os cionn mheán 83 % an Aontais, agus muinín sa phríobháideachas digiteach (56 %), atá níos airde freisin ná meán 51 % an Aontais. Tá méadú suntasach tagtha ar ábhair imní, agus imní ar 55 % faoi shábháilteacht ar líne do leanaí (+24 % i gcomparáid le 2023), agus imní ar 36 % faoi rialú sonraí pearsanta (+16 %). Leagtar béim sna torthaí sin ar an ngá atá le cearta digiteacha a threisiú ar an leibhéal náisiúnta. 

100%
0
Left
""

 

 

Moltaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith

 

Ní mór do Mhálta feabhas a chur ar a feidhmíocht i dtreo spriocanna agus cuspóirí na Deacáide Digití, chun iomaíochas, athléimneacht agus ceannasacht a chothú, agus chun luachanna Eorpacha agus gníomhú ar son na haeráide a chur chun cinn. 

100%
0
Left

Bunscileanna digiteacha

Leanúint de dhaoine a spreagadh chun páirt a ghlacadh in oiliúint i scileanna digiteacha trí fheasacht a mhúscailt agus rochtain a éascú, agus béim ar leith á leagan ar ghrúpaí leochaileacha.

Speisialtóirí TFC

Leanúint de réamhaisnéis scileanna agus feabhas a chur ar an gcomhar leis an tionscal agus leis an tsochaí shibhialta chun meastóireacht rialta a dhéanamh ar thairiscintí oideachais agus oiliúna agus iad a choigeartú do riachtanais mhargadh an tsaothair agus chun mná a spreagadh le bheith ina speisialtóirí TFC.

50%
0
Top

Ceannaireacht theicneolaíoch

Rochtain ar ardteicneolaíochtaí digiteacha agus ar ardréitigh dhigiteacha atá slán agus ceannasach a éascú a thuilleadh agus infheistíocht sa taighde digiteach agus sa nuálaíocht dhigiteach a spreagadh. 

50%
0
Top

Chun tuilleadh faisnéise agus liosta iomlán na moltaí a fháil, féach an tuarascáil

100%
0
Left

Tuilleadh eolais faoi Thuarascáil 2024 maidir leis an Deacáid Dhigiteach