Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Call for proposals | Foilseachán

5G do Phobail Chliste — glao ar thograí oscailte anois

Sheol an Coimisiún an dara glao ar thograí faoi chlár digiteach na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE Digiteach). Cuideoidh an ghníomhaíocht 5G le haghaidh Comhphobal Cliste le córais atá bunaithe ar 5G a úsáid, ar córais iad a thacaíonn le seirbhísí leasa ghinearálta do shaoránaigh ar fud an AE.

5G for Smart Communities - Second Call for Proposals

European Commission

Glao ar thograí le haghaidh oibreacha

Tá an dara glao de chuid SCE Digiteach ar ghníomhaíocht 5G le haghaidh Comhphobal Cliste oscailte anois go dtí an 23 Feabhra 2023, agus buiséad EUR 50 milliún ag gabháil leis. Tacóidh cistiú faoin ngníomhaíocht seo le tionscadail a bhaineann leas as cumais nua arna soláthar ag líonraí 5G, agus é mar aidhm acu seirbhísí poiblí nua, éifeachtúla agus níos athléimní a sholáthar.

Seoladh é faoin gclár SCE Digiteach, agus tá an dara glao seo ar thograí cosúil leis an gcéad ghlao agus cuirtear san áireamh ann torthaí an ghlao sin, chomh maith le haiseolas a fuarthas ó pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear na hOifigí Inniúlachta Leathanbhanda agus rannpháirtithe le linn seimineáir ghréasáin chomhairliúcháin (féach an roinn “Ábhar Tacaíochta” chun tuilleadh faisnéise a fháil).

Beidh Lá Faisnéise ar siúl an 25 Deireadh Fómhair ag an ngníomhaireacht cur chun feidhme HaDEA maidir leis na glaonna agus conas iarratas a dhéanamh. Tabhair cuairt ar leathanach an imeachta chun tuilleadh eolais a fháil.

Comhthéacs — buntáistí 5G do phobail chliste

Tá acmhainneacht ollmhór ag rochtain ar nascacht 5G thapa iontaofa chun cabhrú le réigiúin, cathracha agus pobail áitiúla na hEorpa claochlú digiteach a dhéanamh, earnálacha sonracha a nuachóiriú, amhail an tsláinte agus an t-oideachas, agus seirbhísí poiblí a nuáil.

Léirigh an Chomhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí 5G trí phíolótaí 5G go bhfuil ardacmhainneacht ag 5G do go leor earnálacha.

I measc na samplaí tá:

  • Sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach ón gCoimisiún, sainaithníodh nascacht mar ghné ríthábhachtach d’éiceachóras oideachais dhigitigh ardfheidhmíochta, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh mic léinn rannpháirteach i ranganna ó cheantair iargúlta trí leas a bhaint as réaltacht fhíorúil agus mhéadaithe.
  • Léirigh staidéir le déanaí go dteastaíonn líonraí le bandaleithead suntasach ó ionaid cúraim sláinte chun taifid sláinte leictreonacha a phróiseáil, agus comhairle agus cóireáil leighis fíor-ama agus pearsantaithe a chumasú.
  • D’fhéadfadh cásanna úsáide eile, amhail faireachán sláinte éigeandála agus cúram sláinte in otharchairr nó faireachán sláinte gan bhriseadh agus tacaíocht lasmuigh de shaoráidí cúraim sláinte, tairbhe a bhaint as na cumais nua a eascraíonn as nascacht 5G sáriontaofa.
  • Le blianta beaga anuas, léirigh géarchéim COVID-19 a thábhachtaí atá sé nascacht ardluais a bheith ann chun príomhsheirbhísí poiblí a sholáthar go cianda.

Ábhar Tacaíochta