
Is príomhthosaíocht de chuid an Choimisiúin é leanaí agus déagóirí a chosaint agus a chumhachtú ar líne. Tá fíorú aoise mar chuid dár straitéis chun mionaoisigh a chosaint ar líne ach níl ann ach píosa amháin den bhfreagra. Tá dlúthbhaint aige le hobair amhail forfheidhmiú an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA), an Plean Gníomhaíochta i gcoinne na Cibearbhulaíochta, an Straitéis maidir le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí agus tuilleadh nach iad.
Leis an moladh (atá ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais) leagtar síos na gníomhaíochtaí a spreagann an Coimisiún na Ballstáit a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh uile an Aontais ar fhíorú aoise láidir lena gcaomhnaítear príobháideachas faoin 31 Nollaig 2026.
Sainítear ann freisin cur chuige rialachais uile-Aontais chun infhaighteacht bhreise na dteicneolaíochtaí sin a chumasú.
Moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Úsáid a bhaint as treoirphlean an Aontais maidir le fíorú aoise, ar féidir é a chur in oiriúint do riachtanais gach Ballstáit agus a chomhtháthú le Tiachóga na Céannachta Digití Eorpaí.
- Pleananna cur chun feidhme a tharraingt suas chun a áirithiú go nglacfar réitigh fíoraithe aoise go pras.
- Oibriú le chéile agus teagmháil a dhéanamh lena gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, le Ballstáit eile, leis an gCoimisiún, le taighdeoirí agus leis an tsochaí shibhialta chun a réitigh náisiúnta a chur i bhfeidhm.
- Comhlíonadh na gcaighdeán cibearshlándála ábhartha uile a áirithiú trí ghrinnscrúdú neamhspleách tríú páirtí.
Bunóidh an Coimisiún scéim AE um Fhíorú Aoise freisin, ina mbeidh ceanglais ar sholáthraithe fianuithe cruthúnais aoise agus réitigh fíoraithe aoise a chomhlíonadh, ina leagfar amach freisin conas is féidir le seirbhísí ar gá dóibh aois daoine aonair a fhíorú muinín as na soláthraithe sin a sheiceáil.
Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún liosta ar fáil de na réitigh fíoraithe aoise a chomhlíonann caighdeáin phríobháideachais agus slándála atá coibhéiseach le treoirphlean fíoraithe aoise an Aontais agus le reachtaíocht ábhartha eile.
Ina theannta sin, bunófar liosta de sholáthraithe iontaofa fianuithe aoise. Is féidir leis na soláthraithe sin aois an úsáideora a fhíorú don réiteach fíoraithe aoise trí cheann de na sásraí ionduchtaithe tacaithe, amhail trí ríomh-shainaitheantais, pasanna nó cártaí aitheantais.
Treoirlínte maidir le mionaoisigh a chosaint faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha
I mí Iúil seo caite, ghlac an Coimisiún treoirlínte faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha ina leagtar amach cad ba cheart d’ardáin ar líne a dhéanamh chun idirlíon níos fearr agus níos sábháilte a chruthú do dhaoine óga.
I measc nithe eile, moltar sna treoirlínte modhanna éifeachtacha dearbhaithe aoise a úsáid atá cruinn, iontaofa, láidir, neamh-ionrach agus neamh-idirdhealaitheach. Áirítear leis sin modhanna fíoraithe aoise a úsáid chun rochtain ar ábhar do dhaoine fásta amhail pornagrafaíocht agus cearrbhachas a shrianadh, nó nuair a leagtar síos aois íosta le rialacha náisiúnta chun rochtain a fháil ar sheirbhísí áirithe.
Mar shampla, faoi láthair, tuairiscíonn 24 % de dhaoine idir 14 agus 17 mbliana d’aois i 6 thír den Aontas go bhfeictear ábhar pornagrafach uair sa tseachtain ar a laghad – a bhfuiltear ag tabhairt aghaidh air i gcomhthráth trí ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha agus nach mór fíorú aoise éifeachtach a bheith mar bhonn taca leis.
Nuair a mholtar fíorú aoise, ba cheart dó brath ar aitheantóirí fisiciúla, amhail cártaí aitheantais, pasanna nó IDanna Bainc, chun srian a chur ar rochtain ar ábhar do dhaoine fásta ar líne amhail pornagrafaíocht, cearrbhachas, nó alcól a cheannach.
Réiteach an Aontais maidir le Fíorú Aoise
Chun dlús a chur le cur chun feidhme réiteach fíoraithe aoise ar fud an Aontais, chuir an Coimisiún treoirphlean ar fáil ina raibh sonraíochtaí teicniúla lenar féidir le húsáideoirí a chruthú go bhfuil siad os cionn aois áirithe, mar shampla 15, 18 nó fiú 65 bliana d’aois, gan a n-aois bheacht ná a gcéannacht bheacht a nochtadh. Áirítear sa treoirphlean treoir maidir le cur chun feidhme teicniúil na sonraíochtaí sin, lena n-áirítear maidir leis an gcibearshlándáil agus leis an bpríobháideachas.
Mar shampla, cuireann réiteach an Aontais na caighdeáin phríobháideachais is airde ar fáil trí theicneolaíocht úrscothach a úsáid chun rianú a chosc.
Ina theannta sin, ní dhearbhaíonn an réiteach ach an bhfuil an t-úsáideoir os cionn aois áirithe. Ní nochtann sé an aois bheacht, ná aon fhaisnéis eile faoin úsáideoir, do chruthúnas iontaofa an tsoláthraí fianaithe aoise ná don ardán ar líne a bhfuil rochtain ag an úsáideoir air.
Ráthaíonn an réiteach anaithnideacht iomlán trí chéannacht an úsáideora a chosaint le linn an phróisis fíoraithe. Tá sé ailínithe go hiomlán freisin le creat Thiachóg Dhigiteach an Aontais.
Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí
Leis an Rialachán maidir le Céannacht Dhigiteach Eorpach, ceanglaítear ar na Ballstáit Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí amháin ar a laghad a thairiscint dá cónaitheoirí faoi dheireadh 2026. Leis na tiachóga sin, is féidir sonraí céannachta agus ríomhdhearbhuithe a chomhroinnt ar bhealach slán, faoi rialú an úsáideora, lena n-áirítear cruthúnais aoise, le páirtithe is úsáideoirí poiblí agus príobháideacha ar fud an Aontais.