Soláthraítear leis an staidéar seo anailís struchtúrtha ar an gcaoi a bhfuil Ballstáit an Aontais ag tacú le digitiú gnó, i gcomhréir le spriocanna na Deacáide Digití, agus béim ar leith á leagan ar straitéisí intleachta saorga.
Cuireann an staidéar seo, arna choimisiúnú ag an gCoimisiún Eorpach, 27 dtuarascáil tíre ar fáil, ina gcumhdaítear straitéisí náisiúnta agus réigiúnacha, tionscnaimh bheartais, táscairí feidhmíochta digiteacha, agus dúshláin agus deiseanna chun dlús a chur leis an gclaochlú digiteach sa ghnó.
Déantar measúnú sna tuarascálacha tíre ar an dul chun cinn i sé phríomhghné: Glacadh IS, glacadh néalríomhaireachta agus anailísíochta sonraí, tacaíocht do ghnólachtaí atá ag méadú agus d’aonbheannaigh, digitiú FBManna agus glacadóirí déanacha, digitiú glas, agus cibearshlándáil. Sainaithnítear iontu príomhghníomhaíochtaí beartais, amhail straitéisí náisiúnta intleachta saorga, cláir chistiúcháin, tionscnaimh scileanna digiteacha, agus ról na Mol Nuálaíochta Digití Eorpach (EDIHanna) agus cumasóirí éiceachórais eile.
Cuirtear dea-chleachtais agus moltaí saincheaptha i láthair sna tuarascálacha tíre freisin chun feabhas a chur ar an ullmhacht dhigiteach.