
GettyImages © metamorworks
Leis an Straitéis Dhigiteach Idirnáisiúnta nua a cuireadh i láthair an 5 Meitheamh 2025, cuireann an tAontas i láthair a phlean chun a cheannaireacht i ngnóthaí digiteacha domhanda a neartú, agus a chomhpháirtíochtaí digiteacha á dtreisiú ag an am céanna.
Leagtar amach sa Teachtaireacht Chomhpháirteach na cuspóirí seo a leanas den straitéis seo:
- Borradh a chur faoi iomaíochas teicneolaíochta an Aontais trí chomhar eacnamaíoch agus gnó
- Ardleibhéal slándála a chur chun cinn don Aontas agus dá chomhpháirtithe
- Rialachas digiteach domhanda agus caighdeáin dhigiteacha dhomhanda a mhúnlú le líonra comhpháirtithe
Maidir le comhar le tíortha comhpháirtíochta, díreofar ar réimsí tosaíochta, amhail nascacht shlán, teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn (an Intleacht Shaorga, 5G/G6, leathsheoltóirí, teicneolaíochtaí candamacha), cibearshlándáil, bonneagar poiblí digiteach, agus ardáin ar líne (lena n-áirítear leanaí a chosaint ar líne, saoirse cainte agus meas ar phríobháideachas).