Bhí an Coimisinéir Eorpach um an Margadh Inmheánach, Thierry BRETON, Aire na Seapáine um Chlaochlú Digiteach KONO Taro, an tAire Gnóthaí Inmheánacha agus Cumarsáide, MATSUMOTO Takeaki, agus an Leas-Aire Parlaiminte Geilleagair, Trádála agus Tionscail ISHII Taku ina gcomhchathaoirligh ar an gcruinniú.
D’athdhearbhaigh an tAontas Eorpach agus an tSeapáin (dá ngairtear ‘an dá thaobh’ anseo feasta) a thábhachtaí atá an chomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin atá níos dlúithe ná riamh chun seasamh leis an ord idirnáisiúnta saor agus oscailte atá bunaithe ar an smacht reachta agus chun a luachanna comhroinnte agus a bhfís chomhroinnte don chlaochlú digiteach a chur chun cinn, lena n-áirítear cur chuige duinelárnach i leith an chlaochlaithe dhigitigh agus urraim do chearta bunúsacha. Rinne an dá thaobh a marana ar an dul chun cinn a rinneadh ó bhí an chéad chruinniú den Chomhairle Comhpháirtíochta Digití idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin (Tóiceo, an 3 Iúil 2023) agus d’fhógair siad spriocanna insoláthartha nua. Leag siad béim freisin ar a thábhachtaí atá rannpháirtíocht níos láidre na bpáirtithe leasmhara, lena n-áirítear trí Chruinniú Comhchéime Gnó AE-na Seapáine agus trí thionscnaimh thiomnaithe Lárionad AE-na Seapáine um Chomhar Tionsclaíoch.