Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

Ráiteas comhpháirteach maidir leis an tríú cruinniú den Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus an India

  • POLICY AND LEGISLATION
  • Foilseachán 15 Iúil 2026

Tháinig an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus an India le chéile den tríú huair, sa Bhruiséil, an 15 Iúil 2026.

Bratacha an Aontais agus na hIndia leis an Taj Mahal sa chúlra.

Is comhpháirtithe straitéiseacha nádúrtha iad an tAontas Eorpach (AE) agus an India, mar dhá dhaonlathas mhóra bhríomhara a bhfuil geilleagair mhargaidh oscailte acu, comhluachanna agus sochaithe iolraíocha i dtimpeallacht gheopholaitiúil atá ag éirí níos casta. I ndáil leis an méid sin, mheabhraigh an dá thaobh an 16ú Cruinniú Mullaigh stairiúil idir an India agus an tAontas a tionóladh i nDeilí Nua an 27 Eanáir 2026 inar leag na ceannairí béim ar a dtiomantas a gcomhpháirtíocht straitéiseach a ardú go leibhéal níos airde.

Trí ghníomhaíochtaí comhchoiteanna, tá comhpháirtíocht eacnamaíoch níos comhtháite, níos athléimní agus níos inbhuanaithe á cruthú ag an Aontas agus ag an India - comhpháirtíocht a chuireann tairbhí nithiúla ar fáil do ghnólachtaí, do thomhaltóirí agus don phobal domhanda. 

Is féidir leat an Ráiteas Comhpháirteach a íoslódáil thíos. Léigh tuilleadh faoin gComhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus an India

Íoslódálacha

EU-India Trade and Technology Council joint statement
Íoslódáil 
Last update

17 Iúil 2026