
D’ainneoin an dul chun cinn suntasach atá déanta aige sa teicneolaíocht chandamach, tá an tAontas chun deiridh faoi láthair maidir lena chumais nuálaíochta agus a acmhainneacht amach anseo a aistriú ina bhfíordheiseanna margaidh, agus é ag streachailt freisin le hilroinnt straitéisí agus treochlár ar fud na mBallstát.
Agus béim á leagan ar láidreachtaí na hEorpa, is é is aidhm don Straitéis um an Eoraip Chandamach lárionad cumhachta candamach a dhéanamh den Eoraip trí éiceachóras candamach ceannasach athléimneach a chothú, éiceachóras a spreagann fás gnólachtaí nuathionscanta agus a chlaochlaíonn an eolaíocht cheannródaíoch ina feidhmeanna atá réidh don mhargadh, agus a ceannaireacht eolaíoch á coinneáil ag an am céanna.
Dírítear sa Straitéis ar chúig réimse idirnasctha:
- Taighde agus Nuálaíocht: Barr feabhais a chomhdhlúthú ar fud na hEorpa chun bheith ar thús cadhnaíochta san eolaíocht chandamach agus ina claochlú tionsclaíoch
- Bonneagair Chandamacha: Moil bhonneagair inscálaithe chomhordaithe a fhorbairt chun tacú le táirgeadh, dearadh agus forbairt feidhmchlár
- An tÉiceachóras Candamach a neartú: trí infheistíochtaí i ngnólachtaí nuathionscanta agus i ngnólachtaí atá i mbun fáis, trí shlabhraí soláthair a dhaingniú agus trí theicneolaíochtaí candamacha a thionsclú
- Teicneolaíochtaí Candamacha Spáis agus Dé-Úsáide (Slándáil agus Cosaint): Cumais chandamacha shlána cheannasacha a chomhtháthú i straitéisí spáis, slándála agus cosanta na hEorpa
- Scileanna Candamacha: Lucht saothair éagsúil den chéad scoth a thógáil trí oideachas comhordaithe, oiliúint agus soghluaisteacht tallainne ar fud an Aontais
Is féidir leat an Teachtaireacht maidir leis an Straitéis Quantum Europe a íoslódáil thíos.