Tá os cionn 130 conradh sínithe ag an Aontas mar thoradh ar an gcéad ghlao ar Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha (EDIHanna). Tá an dara Glao DIGITAL EDIH tugtha chun críche a chuirfidh an líonra EDIHanna i gcrích.
A bhuí leis an sineirge a forbraíodh le déanaí le cláir CFRE, is féidir cómhaoiniú a dhéanamh anois ar EDIHanna ó chláir CFRE, agus tá mionsonraí an chur chun feidhme leagtha amach i bhFógra Léirmhínitheach, ‘Fógra maidir le sineirgí idir cláir CFRE agus Fís Eorpach’, Iris Oifigiúil C 421 an 4 Samhain 2022.
Má tá sé ar intinn agat CFRE a úsáid chun EDIHanna a chómhaoiniú, cuirfear ar fáil sa seimineár gréasáin seo an t-eolas is gá chun déileáil le próiseas an Deontais Shineirge.
Clár Oibre
- Réamhrá ó AS CNECT
- cur i láthair ó AS REGIO (.pdf)
- cur i láthair ó AS CNECT (.pdf)
Ceisteanna agus freagraí