
Léirítear sa tuarascáil, cé go bhfuil dul chun cinn áirithe déanta, go bhfuil rolladh amach an bhonneagair nascachta, amhail líonraí snáthoptaice agus líonraí neamhspleácha 5G, fós ag titim ar gcúl. Tá níos mó cuideachtaí ag glacadh leis an Intleacht Shaorga (IS), an néalríomhaireacht agus mórshonraí, ach ní mór dlús a chur leis an nglacadh. Tá bunleibhéal scileanna digiteacha ag beagán os cionn leath de mhuintir na hEorpa (55.6 %), agus tá infhaighteacht speisialtóirí TFC a bhfuil ardscileanna acu fós íseal agus tá deighilt ghéar inscne ann, rud a chuireann bac ar dhul chun cinn i bpríomhearnálacha, amhail an chibearshlándáil agus an intleacht shaorga. In 2024, rinne an tAontas dul chun cinn seasta maidir le príomhsheirbhísí poiblí a dhigitiú, ach tá cuid shuntasach den bhonneagar digiteach rialtais fós ag brath ar sholáthraithe seirbhíse lasmuigh den Aontas.
Léiríonn na sonraí dúshláin leanúnacha, amhail margaí ilroinnte, rialacháin róchasta, slándáil agus spleáchas straitéiseach. Chuirfeadh tuilleadh infheistíochta poiblí agus príobháidí agus rochtain níos éasca ar chaipiteal fiontair do chuideachtaí an Aontais dlús leis an nuálaíocht agus le huas-scálú.
Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar mholtaí an Choimisiúin agus pléifidh siad an bealach chun cinn leis an gCoimisiún. In 2026, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar spriocanna DDPP chun a mheas an léiríonn siad fós an tírdhreach digiteach atá ag teacht chun cinn agus an gcomhlíonann siad éilimh thosaíochtaí agus uaillmhianta an Aontais.
Tuilleadh eolais
Related content
Policy and legislation | 16 Meitheamh 2025
Sa tuarascáil ar Staid na Deacáide Digití 2025, déantar meastóireacht ar dhul chun cinn chlaochlú digiteach an Aontais i dtreo spriocanna Chlár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach.
Factsheet / infographic | 16 Meitheamh 2025
Leagtar amach sa bhileog eolais seo príomhthorthaí Thuarascáil 2025 ar Staid na Deacáide Digití.