
Tá 3 265 chuideachta agus eagraíocht sa Chomhshocrú um an Intleacht Shaorga anois, agus tá bearta nithiúla á ndéanamh ag níos mó ná 230 gealltóir deonach i dtreo an chomhlíonta roimh sprioc-amanna dlíthiúla. Leanann sínitheoirí nua ag teacht isteach gach seachtain.
Thug an Oifig um Intleacht Shaorga tús áite do rannpháirtíocht an phobail agus do chomhroinnt eolais. Mheall 7 seimineár gréasáin idirghníomhacha, a dearadh chun tacú le heagraíochtaí an Gníomh um an Intleacht Shaorga a thuiscint, os cionn 36 000 amharc. Chuir na seisiúin sin bonn eolais díreach faoi fhorbairt Ardán Faisnéise Aonair an Ghnímh um an Intleacht Shaorga agus Dheasc Seirbhíse an Ghnímh um an Intleacht Shaorga.
Tá dul chun cinn suntasach déanta ag na gealltanais maidir le 3 phríomhghealltanas an Chomhshocraithe a chur chun feidhme:
- straitéis rialachais IS a ghlacadh
- córais intleachta saorga ardriosca a mhapáil
- litearthacht intleachta saorga a chur chun cinn
Tá tús curtha ag gach sínitheoir le próisis inmheánacha chun na gealltanais sin a chomhlíonadh. Tá níos mó ná a leath díobh tar éis dul thar a ngealltanais, agus bearta deonacha breise á ndéanamh acu amhail:
- maoirseacht dhaonna a threisiú
- maolú riosca a fheabhsú
- trédhearcacht a mhéadú maidir le hábhar a ghintear leis an intleacht shaorga
Ar an iomlán, fuair an Oifig um Intleacht Shaorga 105 thuarascáil ó shínitheoirí, ina leagtar amach na gníomhaíochtaí a rinneadh le bliain anuas agus ina dtugtar aiseolas maidir lena dturas comhlíontachta. Cuirfear na tuarascálacha eile isteach 12 mhí tar éis do chuideachtaí teacht isteach.
Léiríonn na sínitheoirí próifíl éagsúil. Tá 63% díobh lonnaithe san Aontas, 23% sna Stáit Aontaithe agus 14% i réigiúin eile. Tá róil éagsúla ag formhór na rannpháirtithe, agus 63 % ag gníomhú mar sholáthraithe agus imscarthóirí intleachta saorga araon, agus is imscarthóirí amháin iad 18 % díobh agus is soláthraithe amháin iad 14 % díobh. Ó thaobh earnálacha de, oibríonn 37 % díobh i mbogearraí nó i mbogearraí mar sheirbhís, 19 % i seirbhísí TF, 13 % sa néalríomhaireacht nó sa teileachumarsáid, agus 12 % i ngníomhaíochtaí tionsclaíocha nó i ngníomhaíochtaí a bhaineann le fuinneamh.
Chuir an taithí a roinn gealltóirí go mór le stór an Choimisiúin de chleachtais litearthachta intleachta saorga. Sholáthair sínitheoirí aiseolas spriocdhírithe freisin maidir le comhlíonadh an Ghnímh um an Intleacht Shaorga agus maidir leis an ualach airgeadais gaolmhar, rud atá mar bhonn eolais d’obair an Choimisiúin maidir le simpliú.
Léirítear sna tuarascálacha go bhfuil dul chun cinn láidir déanta maidir le litearthacht intleachta saorga, agus go bhfuil eagraíochtaí ar fud na n-earnálacha ag seoladh feachtais feasachta, cláir oiliúna shaincheaptha agus treoirlínte praiticiúla maidir le húsáid laethúil na hintleachta saorga. Chuaigh go leor rannpháirtithe thar a ngealltanais tosaigh trí raon feidhme na ngníomhaíochtaí a leathnú nó trí dhlús a chur le hamlínte comhlíontachta, arna spreagadh go minic ag malartuithe le piaraí. Rinneadh uirlisí atá ann cheana agus próisis atá bunaithe ar RGCS a oiriúnú go minic chun ceanglais an Ghnímh um an Intleacht Shaorga a chomhlíonadh, agus thacaigh eagraíochtaí móra go gníomhach le gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna trí shaineolas, uirlisí agus dea-chleachtais a chomhroinnt.
Ag an am céanna, sainaithníodh roinnt dúshlán, lena n-áirítear an gá atá le feasacht inmheánach agus sheachtrach ar an nGníomh um an Intleacht Shaorga a neartú, an nuálaíocht a chothromú le comhlíonadh, agus caighdeáin agus treoir a fháil go tráthúil. Leag na rannpháirtithe béim freisin ar dheacrachtaí maidir le hidirghníomhaíochtaí le reachtaíocht eile a thuiscint agus chuir siad in iúl go raibh imní orthu faoi éabhlóid na dteicneolaíochtaí intleachta saorga amach anseo agus faoin gcaoi a gcaitear leo ó thaobh na rialála de.
Is féidir leat forléargas gearr a fháil ar an méid atá bainte amach ag gealltóirí an Chomhshocraithe um an Intleacht Shaorga ar feadh bliana.
Leanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga de bheith i dteagmháil le comhaltaí an Chomhshocraithe maidir leis an Intleacht Shaorga agus de leas a bhaint as an aiseolas luachmhar a thug siad, rud a rannchuidigh freisin leis na leasuithe atá beartaithe ar Omnibus Digiteach chun an Gníomh um an Intleacht Shaorga a shimpliú agus a shoiléiriú.