
Beidh thart ar 15 shaineolaí teicniúla agus eolaíocha ardleibhéil Eorpacha ar an mBord a chuirfidh comhairle ar an gCoimisiún maidir le hábhair straitéiseacha a bhaineann leis na réimsí forbartha teicneolaíochta agus eolaíochta araon don chéad dá bhliain eile.
Is iad seo a leanas na cúraimí a bheidh ar an mBord:
- Comhairle agus saineolas a chur ar fáil d’Ard-Stiúrthóireacht CONNECT maidir le treo straitéiseach agus forbairt bhreise an tionscnaimh Destination Earth;
- Nasc a dhéanamh le tionscnaimh eolaíocha agus theicneolaíocha atá ann cheana agus comhairle a chur ar AS CONNECT maidir leis an úrscothacht sna réimsí ábhartha;
- Malartuithe taithí a chothú agus béim a leagan ar dhea-chleachtais sna réimsí atá ríthábhachtach do chur chun feidhme an tionscnaimh dá dtagraítear thuas.
Cuireadh síneadh leis an sprioc-am don ghlao go dtí an 31 Márta 2025.
Íoslódáil téacs an ghlao (pdf).