
Is é is aidhm don Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus do na gníomhaíochtaí a rinneadh inniu sábháilteacht úsáideoirí agus tomhaltóirí a chinntiú ar líne. Ar an gcéad dul síos, ghlac an Coimisiún le sraith gealltanas a thairg AliExpress agus rinne sé ceangailteach iad chun roinnt ábhar imní a réiteach, amhail trédhearcacht an ardáin maidir le fógraíocht agus córais mholtóra.
Ar an dara dul síos, tar éis a ghrinn-imscrúdaithe, rinne an Coimisiún réamh-aimsiú ar AliExpress de shárú ar a oibleagáid measúnú agus maolú a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann le scaipeadh táirgí neamhdhleathacha faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha.
Seo mar a labhair Henna Virkkunen, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Cheannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus Daonlathas:
Léiríonn na gníomhaíochtaí a rinneadh inniu neart an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha a mhéid a bhaineann le timpeallacht ar líne níos sábháilte agus níos cothroime a chruthú. Bhíomar in ann céimeanna nithiúla a ghlacadh chun ardleibhéal sábháilteachta a chinntiú do shaoránaigh an Aontais agus, ag an am céanna, cothrom iomaíochta a choinneáil d’ardáin agus do thrádálaithe i margadh an Aontais. Is léiriú é an cinneadh seo ar ionchais an Choimisiúin nuair a chuirimid ábhair imní in iúl. Is díol sásaimh dúinn gealltanais AliExpress a bheith níos sábháilte d’úsáideoirí, níos cothroime do thrádálaithe dlisteanacha, agus ardán ar líne níos fearr do chách.
Léigh an phreaseisiúint iomlán.
Faigh tuilleadh eolais faoi:
Related content
Last update
17 Feabhra 2026