
Seo mar a labhair an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Cheannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus Daonlathas, Henna Virkkunen:
“Tá céimeanna breise á nglacadh againn inniu chun léargas a thabhairt ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha ag córais mholtóra X. Táimid tiomanta a chinntiú go n-urramaíonn gach ardán atá ag feidhmiú san Aontas ár reachtaíocht, arb é is aidhm di an timpeallacht ar líne a dhéanamh cothrom, sábháilte agus daonlathach do shaoránaigh uile na hEorpa.’
Ar an gcéad dul síos, tá an Coimisiún ag iarraidh ar an gcuideachta doiciméadacht inmheánach a chur ar fáil maidir lena córais mholtóra agus maidir le haon athrú a rinneadh uirthi le déanaí, faoin 15 Feabhra 2025.
Ina theannta sin, le ‘hordú coinneála’ ceanglaítear ar an ardán doiciméid inmheánacha agus faisnéis inmheánach a chaomhnú maidir le hathruithe a dhéanfar amach anseo ar dhearadh agus ar fheidhmiú a algartam moltaí, don tréimhse idir an 17 Eanáir 2025 agus an 31 Nollaig 2025, mura dtabharfar imscrúdú leanúnach an Choimisiúin i gcrích roimh ré.
Ar deireadh, d’eisigh an Coimisiún iarraidh ar rochtain ar APInna tráchtála áirithe de chuid X, comhéadain theicniúla ar a ábhar lena gceadaítear aimsiú díreach fíoras maidir le modhnóireacht ábhair agus mearscaipeadh cuntas.
Leis na céimeanna sin, beidh seirbhísí an Choimisiúin in ann na fíorais ábhartha uile a chur san áireamh sa mheasúnú casta faoi DSA ar rioscaí sistéamacha agus ar mhaolú na rioscaí sin.
Faigh tuilleadh eolais faoi na nithe seo a leanas: