
Ní hamháin gur tosaíocht don Choimisiún Eorpach é daoine óga a chumhachtú chun an tIdirlíon a úsáid go sábháilte agus iad a chosaint ar dhíobháil a d’fhéadfadh a bheith ann, ach is tosaíocht é freisin do go leor tíortha ar fud an domhain. Is trí oibriú le chéile i dtreo na sprice comhroinnte sin le comhpháirtithe atá ar aon intinn linn is fearr is féidir linn í a bhaint amach.
Tá cuid de na caighdeáin is airde ar fud an domhain leagtha síos ag an Aontas, an Ríocht Aontaithe agus an Astráil eatarthu maidir le daoine óga a chumhachtú agus a chosaint ar líne. Léirítear an méid sin sa teachtaireacht, le gníomhaíochtaí comhpháirteacha nua chun iarrachtaí leanúnacha a chomhlánú maidir le reachtaíocht sábháilteachta ar líne a chur chun feidhme chun a chinntiú go mbeidh mionaoisigh sábháilte agus slán ar líne, agus cearta agus folláine leanaí á gcur san áireamh ag an am céanna.
Go háirithe, áiritheoidh na trí rialtóir go mbeidh rochtain shábháilte, chuimsitheach agus chumhachtaithe ag leanaí ar theicneolaíochtaí digiteacha chun cabhrú leo scileanna digiteacha, litearthacht sna meáin agus smaointeoireacht chriticiúil a fhorbairt, rud a mhúnlóidh todhchaí dhigiteach níos cothroime.
Ina theannta sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh soláthraithe seirbhíse fíorfheabhsuithe ar shábháilteacht eispéiris leanaí ar líne.
Go nithiúil, d’aontaigh na trí rialtóir grúpa a bhunú maidir le dearbhú aoise chun plé a dhéanamh ar réitigh maidir le fíorú aoise lena n-áirithítear príobháideachas, sábháilteacht agus slándáil.
Fiosróidh an grúpa seo conas an bonn fianaise teicniúil a thógáil a thuilleadh maidir le dearbhú aoise, agus nuair is ábhartha, conas is féidir le rialtóirí tacú le taighde neamhspleách sa réimse seo. Is rud é sin a bhfuil an Coimisiún ag obair air cheana féin trína threoirphlean le haghaidh réiteach fíoraithe aoise ar fud an Aontais.
Tagann an teachtaireacht chomhpháirteach sna sála ar chruinniú comhchéime ar fhreastail an tArd-Stiúrthóir Roberto Viola ó Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta (AS CNECT) de chuid an Choimisiúin Eorpaigh air, Coimisinéir r-Shábháilteachta na hAstráile, Julie Inman Grant agus Príomhfheidhmeannach Ofcom na Ríochta Aontaithe, Melanie Dawes.
Chuir an Coimisiún in iúl freisin, chomh maith le béim a leagan ar a chuid oibre maidir le fíorú aoise, na gníomhaíochtaí a rinne sé le déanaí faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) chun dul i ngleic le díolacháin drugaí, vapes agus táirgí neamhdhleathacha eile ar líne le mionaoisigh, chomh maith le cosc a chur ar chruthú poill choinín d’ábhar díobhálach, mar a thugtar orthu, amhail ábhar a chuireann neamhoird itheacháin chun cinn.
Thíos, pictiúr de na rannpháirtithe a ghlac páirt sa chruinniú.
