Bhí ar na Ballstáit Treoir NIS2 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 17 Deireadh Fómhair 2024. Is é is aidhm do Threoir NIS2 ardleibhéal cibearshlándála a áirithiú ar fud an Aontais. Cumhdaítear leis eintitis a oibríonn in earnálacha criticiúla amhail seirbhísí cumarsáide leictreonaí poiblí, bainistiú seirbhíse TFC, seirbhísí digiteacha, bainistiú fuíolluisce agus dramhaíola, an spás, an tsláinte, fuinneamh, iompar, monarú táirgí criticiúla, seirbhísí poist agus cúiréireachta, agus an riarachán poiblí.
Tá cur chun feidhme iomlán na reachtaíochta ríthábhachtach chun athléimneacht agus acmhainneachtaí freagartha ar theagmhais na n-eintiteas poiblí agus príobháideach atá ag feidhmiú sna hearnálacha criticiúla sin agus san Aontas ina iomláine a fheabhsú a thuilleadh. Dá bhrí sin, tá litreacha fógra fhoirmiúil á seoladh ag an gCoimisiún chuig na 23 Bhallstát eile lena mbaineann agus tá 2 mhí acu anois chun freagra a thabhairt agus chun a dtrasuí a chur i gcrích agus chun fógra a thabhairt don Choimisiún faoina mbearta. Mura dtabharfar freagra sásúil, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh tuairim réasúnaithe a eisiúint.
Tuilleadh eolais: