Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

Glao ar Fhianaise seolta ag an gCoimisiún i bhfianaise an mheasúnaithe ar an Moladh maidir le píoráideacht ar líne ar imeachtaí spóirt agus imeachtaí beo eile a chomhrac

  • NEWS ARTICLE
  • Foilseachán 30 Aibreán 2025

Glacadh an Moladh an 4 Bealtaine 2023 chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le hatarchur neamhúdaraithe spórt agus imeachtaí beo eile.

The image shows two live streaming cameras, with people blurred in the background.
GettyImages © microgen

Leis an Moladh, moltar do na Ballstáit, do shealbhóirí cirt, do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha agus do ghníomhaithe eile sa mhargadh gníomhaíocht a dhéanamh in aghaidh atarchur neamhúdaraithe imeachtaí beo, agus na coimircí is gá á ráthú ag an am céanna chun cearta bunúsacha a chosaint, i gcomhréir iomlán le dlí an Aontais.

Mar a fhoráiltear sa Mholadh, ní mór don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí an Mholta faoin 17 Samhain 2025. Tá faireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún ar na héifeachtaí sin, le tacaíocht ó Fhaireachlann Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (‘EUIPO’). Is é is cuspóir don Ghlao seo ar Fhianaise cuidiú leis an gCoimisiún tuilleadh fianaise a bhailiú maidir le héifeachtaí na mbeart a mholtar sa Mholadh agus maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith le haon bheart breise.

Tá an tréimhse chun aiseolas a thabhairt ar oscailt go dtí an 4 Meitheamh 2025.