Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Sheol an Coimisiún Fóram Eorpach na Meán Nuachta le hidirphlé maidir le sábháilteacht iriseoirí

Sheol an Coimisiún Eorpach idirphlé maidir le hiriseoirí a chosaint san Aontas le raon leathan páirtithe leasmhara, lena n-áirítear iriseoirí agus a gcomhlachais, cuideachtaí na meán nuachta, ionadaithe comhairlí na meán, Parlaimint na hEorpa, na Ballstáit agus údaráis rialála mar aon le comhpháirtithe idirnáisiúnta.

grianghraf d’iriseoir baineann atá ag obair ar ríomhaire

Seo mar a labhair an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Thrédhearcacht, Věra Jourová, a thionscain an t-imeacht:

Ba cheart go mbeadh dúnmharú na n-iriseoirí iniúchta Daphne Caruana Galizia agus Ján Kuciak ina chomhartha rabhaidh don Aontas Eorpach. Is bagairtí agus ionsaithe ar an daonlathas ina iomláine iad na bagairtí agus na hionsaithe atá ag dul i méid i gcoinne iriseoirí. Den chéad uair riamh, tá an Coimisiún ag obair ar thionscnamh atá dírithe ar shábháilteacht iriseoirí, agus ba cheart go dtiocfadh feabhsuithe nithiúla ar an láthair dá bharr.

Dúirt Thierry Breton, an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach:

Ní féidir talamh slán a dhéanamh de shaoirse na meán, ní mór dúinn í a chosaint go gníomhach, go háirithe leis an mbaol méadaithe go ndéanfar ionsaithe ar líne sa ré dhigiteach. Ní mór dúinn a áirithiú gur féidir le hiriseoirí a ról ríthábhachtach a imirt inár ndaonlathais trína chinntiú go n-oibríonn siad go hiomlán sábháilte. Tá idirphlé á sheoladh againn inniu maidir le conas a gcosaint a mhéadú, comhar a éascú eatarthu agus cabhrú leo na scileanna digiteacha is gá a fháil.

Bhí an t-idirphlé ar siúl go dtí an 25 Márta faoi chuimsiú Fhóram Eorpach na Meán Nuachta. Is céim lárnach é in ullmhú an Mholta ón gCoimisiún do na Ballstáit maidir le cosaint iriseoirí (ar líne agus as líne) a áirithiú agus maidir le dul i ngleic le hionsaithe inscne agus ionsaithe mionlaigh san Aontas. Glacfar an Moladh níos déanaí i mbliana.

Tá an Fóram agus an Moladh mar chuid de shraith níos leithne gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí ar shaoirse agus iolrachas na meán in AE, mar a fógraíodh sa Phlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach agus d’iriseoirí go háirithe, mar aon le tionscnamh chun srian a chur le mí-úsáid cásanna dlí i gcoinne rannpháirtíocht an phobail (SLAPPanna). Tá sé sin nasctha freisin leis an bPlean Gníomhaíochta chun tacú le téarnamh agus claochlú earnálacha na meán agus an chlosamhairc san Aontas.