Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara seolta ag an gCoimisiún maidir leis an gClár don Eoraip Dhigiteach

Sheol an Coimisiún comhairliúchán oscailte 12 sheachtain le páirtithe leasmhara maidir leis an gClár don Eoraip Dhigiteach (DIGITAL).

Féachann an comhairliúchán le léargas a fháil ar riachtanais na bpáirtithe leasmhara a bhaineann leis an gclaochlú digiteach, ar thairbhí DIGITAL agus ar fheabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh.  Dá réir sin, baileofar dearcthaí éagsúla ann ó fhiontair bheaga agus mheánmhéide go heagraíochtaí neamhrialtasacha, an saol acadúil, comhpháirtithe sóisialta, údaráis phoiblí, agus eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha eile agus saoránaigh ó Bhallstáit an Aontais agus ó thíortha comhlachaithe.

Ansin foilseoidh an Coimisiún tuarascáil achomair ar thorthaí an chomhairliúcháin agus ar na freagraí ó pháirtithe leasmhara maidir le ‘Cloisimisuait’. Beidh an t-aiseolas a gheofar mar bhonn eolais do mhachnamh ar fheabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh laistigh de DIGITAL, chomh maith le cuidiú le dearadh tionscnamh amach anseo a threorú. Dúnfar an comhairliúchán an 20 Meán Fómhair 2024.

Is clár maoiniúcháin de chuid an Aontais é an Clár don Eoraip Dhigiteach a bhfuil buiséad os cionn €8.1 billiún aige agus atá dírithe ar theicneolaíocht dhigiteach a thabhairt do ghnólachtaí, do shaoránaigh agus d’údaráis riaracháin phoiblí. Comhlánaíonn an Clár don Eoraip Dhigiteach an cistiú atá ar fáil trí chláir eile de chuid an Aontais, amhail Fís Eorpach (le haghaidh taighde agus nuálaíochta) agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (le haghaidh bonneagar digiteach), an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, na Cistí Struchtúracha, agus eile.