
Léiríodh san fhianaise go bhfuil ardriosca ann do thomhaltóirí san Aontas teacht ar tháirgí neamhdhleathacha ar an ardán. Go sonrach, fuarthas amach san anailís ar chleachtadh rúnsiopadóireachta a rinne an Coimisiún gur rídhócha go n-aimseoidh tomhaltóirí a bhíonn ag siopadóireacht ar Temu táirgí neamhchomhlíontacha i measc na tairisceana, amhail bréagáin do leanaí agus leictreonaic bheag.
Seo mar a labhair Henna Virkkunen, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Cheannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus Daonlathas: “Déanaimid siopadóireacht ar líne toisc go bhfuil muinín againn go bhfuil táirgí a dhíoltar inár Margadh Aonair sábháilte agus go gcomhlíonann siad ár rialacha. Is é ár réamhthuairim go bhfuil Temu i bhfad ó mheasúnú a dhéanamh ar rioscaí dá úsáideoirí de réir na gcaighdeán a cheanglaítear leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha. Níl sábháilteacht tomhaltóirí ar líne soshannta san Aontas – is iad ár ndlíthe, lena n-áirítear an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha, an bunús le haghaidh cosaint níos fearr ar líne agus Margadh Aonair digiteach níos sábháilte agus níos cothroime do gach Eorpach.
Léigh an phreaseisiúint iomlán agus faigh tuilleadh eolais faoi na nithe seo a leanas: