
Cuirfidh sé sin ar chumas mhuintir na hÚcráine a gcuid sonraí móibíleacha ó uimhreacha gutháin na hÚcráine sna 27 mBallstát a ghlaoch, a théacsáil agus a úsáid gan aon chostas breise, agus cuirfidh sé na tairbhí céanna ar fáil d’Eorpaigh a d’fhéadfadh a bheith san Úcráin.
Seo mar a labhair Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen:
“Is mian linn go bhfanfaidh saoránaigh na hÚcráine nasctha lena ngaolta ar fud an Aontais, agus ina dtír dhúchais chomh maith. Sin an fáth a molaimid go rachadh an Úcráin isteach inár dteaghlach fánaíochta. Arís eile, athdhearbhaímid ár dtiomantas leanúnach seasamh leis an Úcráin agus lena saoránaigh.’
Is í an fhánaíocht an chéad réimse ina leathnódh an tAontas cóir an mhargaidh inmheánaigh chuig an Úcráin.
Chuir an Coimisiún an togra a glacadh inniu chuig an gComhairle lena fhormheas.
Léigh an phreaseisiúint iomlán.
Tuilleadh eolais faoi thacaíocht dhigiteach an Aontais don Úcráin.