
Tagann na treoirlínte sin faoin bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, a dearadh chun tacú le múinteoirí scoile le huirlisí agus acmhainní praiticiúla.
Leis na treoirlínte nuashonraithe maidir le húsáid eiticiúil IS agus sonraí sa teagasc agus san fhoghlaim, tugtar aghaidh ar phríomhbhreithnithe eiticiúla agus dlíthiúla, rud a chuireann le muinín múinteoirí as IS a úsáid agus a chothaíonn glacadh freagrach i measc daltaí ag an am céanna.
Mar a fógraíodh sa Sciath Eorpach um an Daonlathas, tugann na treoirlínte maidir le dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus litearthacht dhigiteach a chur chun cinn aghaidh anois freisin ar thionchar na hintleachta saorga giniúnaí ar chleachtais bhréagaisnéise, ar spleáchas ar na meáin shóisialta, agus ar ról na dtionchairí, chun saineolas oideolaíoch múinteoirí agus scileanna smaointeoireachta criticiúla daoine óga a neartú, chun úsáid fhreagrach teicneolaíochtaí digiteacha a chur chun cinn agus chun tacú le roghanna eolasacha ar líne. Tá ról lárnach ag scoileanna agus ag institiúidí oideachais maidir le scileanna saoránachta a fhorbairt chun cur ar chumas daoine gníomhú go freagrach, trí smaointeoireacht chriticiúil, cuimsitheacht, saoirse cainte agus rannpháirtíocht ghníomhach shibhialta a chothú. Trí na scileanna sin a chothú, déanann eintitis oideachais ar gach leibhéal saoránaigh eolasacha agus rannpháirteacha a chumhachtú, agus ar an gcaoi sin sochaithe daonlathacha níos athléimní a thógáil.
Leis na treoirlínte nua maidir le hábhar oideachais dhigitigh (DEC), tugtar isteach an chéad sainmhíniú riamh de chuid an Aontais ar DEC agus cuirtear critéir shoiléire ar fáil chun ábhair teagaisc dhigiteacha ar ardchaighdeán a shainaithint. Soláthraíonn na treoirlínte maidir le faisnéisíocht a theagasc straitéisí praiticiúla chun oideachas faisnéisíochta cuimsitheach ar ardchaighdeán a sholáthar agus a mheasúnú i suíomhanna éagsúla.
Seo mar a labhair an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Chearta Sóisialta agus Scileanna, Poist Ardchaighdeáin agus Ullmhacht, Roxana Mînzatu:
“Tá múinteoirí ríthábhachtach chun a chinntiú go mbeidh an deis ag gach mac léinn an saol digiteach a thuiscint, dul i dteagmháil leis agus é a mhúnlú. Tá múinteoirí anois, ar bhealach, cosúil le 'caomhnóirí digiteacha' dár ndaoine óga. Is é an sprioc atá againn na scileanna agus an mhuinín a theastaíonn ó oideoirí a thabhairt dóibh, ní hamháin chun iad a chur in oiriúint, ach chun iad a threorú i dtírdhreach oideachais atá ag síorathrú. Léiríonn na treoirlínte seo ár dtiomantas faoi Aontas na Scileanna, rud a thugann an t-eolas agus an saineolas atá de dhíth orthu do mhúinteoirí ina saol gairmiúil.”
Níos déanaí i mbliana, glacfaidh an Coimisiún Pacáiste Oideachais, a cheapfar chun foghlaimeoirí a chumhachtú, chun tacú le múinteoirí agus chun scoileanna a nuachóiriú. Áireofar ann Treochlár 2030 maidir le todhchaí an oideachais dhigitigh agus scileanna digiteacha chun an fhoghlaim dhigiteach a neartú a thuilleadh ar fud an Aontais.
Tá na treoirlínte ar fáil anois ar shuíomh gréasáin an Limistéir Eorpaigh Oideachais.