Inniu, tá beart déanta ag an gCoimisiún chun feabhas a chur ar chibearshlándáil na ngléasanna gan sreang atá ar fáil ar an margadh Eorpach. Ós rud é go bhfuil fóin phóca, uaireadóirí cliste, lorgairí aclaíochta agus bréagáin gan sreang níos mó i láthair inár saol laethúil, tá baol méadaitheach ag baint le cibearbhagairtí do gach tomhaltóir.