
Tá pacáiste nua cibearshlándála molta ag an gCoimisiún Eorpach chun athléimneacht agus cumais chibearshlándála an Aontais a neartú a thuilleadh i bhfianaise na mbagairtí sin atá ag dul i méid.
Áirítear sa phacáiste togra le haghaidh Gníomh athbhreithnithe um Chibearshlándáil, lena bhfeabhsaítear slándáil shlabhraí soláthair Theicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) an Aontais. Cinntíonn sé go bhfuil táirgí a shroicheann saoránaigh an Aontais slán ó thaobh na cibearshlándála de trí phróiseas deimhniúcháin níos simplí. Éascaíonn sé freisin comhlíonadh rialacha cibearshlándála an Aontais atá ann cheana agus treisíonn sé Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) chun tacú leis na Ballstáit agus leis an Aontas bagairtí cibearshlándála a bhainistiú.
Léigh an phreaseisiúint iomlán.
Tuilleadh eolais:
- Ceisteanna & Freagraí
- Bileog eolais
- An Gníomh athbhreithnithe um Chibearshlándáil
- Leasuithe spriocdhírithe NIS2
- Barúlacha ón Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Virkkunen maidir leis an bPacáiste Cibearshlándála
Related content
Last update
21 Eanáir 2026