
Le Moladh 2023 ón gCoimisiún, moltar do na Ballstáit agus do ghníomhaithe sa mhargadh a n-iarrachtaí a mhéadú chun sruthú neamhúdaraithe imeachtaí beo a chomhrac, agus cineál sonrach na n-imeachtaí sin á chur san áireamh. Áirítear ann roinnt beart, a bhaineann, mar shampla, le láimhseáil phras fógraí ag soláthraithe seirbhísí óstála, le húsáid níos leithne a bhaint as urghairí dinimiciúla ag na Ballstáit agus le comhar éifeachtach a spreagadh i measc na ngníomhaithe éagsúla sa mhargadh agus na n-údarás náisiúnta.
Déantar anailís sa mheasúnú a foilsíodh inniu ar an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo maidir le glacadh na mbeart sin, rud a léiríonn gur spreag an Moladh roinnt forbairtí dearfacha. Tá bearta déanta ag Ballstáit áirithe de chuid an Aontais chun gur féidir úsáid níos éifeachtaí a bhaint as urghairí dinimiciúla, atá curtha in oiriúint d’imeachtaí beo. Tá forbairtí dearfacha tagtha chun cinn freisin sa chomhar idir na húdaráis náisiúnta, a bhuí le bunú líonra tiomnaithe arna chomhordú ag Faireachlann EUIPO, mar a shainordaítear sa Mholadh.
D’ainneoin an dul chun cinn atá déanta, níor cuireadh srian suntasach ar leibhéal foriomlán píoráideachta na n-imeachtaí beo mar thoradh ar an Moladh. Leagtar béim sa mheasúnú go háirithe ar an easpa láimhseála éifeachtaí a dhéanann roinnt catagóirí de sholáthraithe seirbhísí óstála ar fhógraí chomh maith leis an drogall atá ar idirghabhálaithe áirithe comhoibriú le sealbhóirí cirt. Tugtar faoi deara sa mheasúnú freisin go leanann úsáideoirí d’infhaighteacht agus inacmhainneacht níos mó tairiscintí dlíthiúla a iarraidh. I bhfianaise na ndúshlán atá fós ann, breithneoidh an Coimisiún réimsí ina bhféadfaí tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh, chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar phíoráideacht spóirt ar líne agus ar imeachtaí beo eile ar leibhéal an Aontais.
Is féidir leat an measúnú a íoslódáil thíos.