Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

Is díol sásaimh don Choimisiún comhaontú cheannairí G7 maidir le Prionsabail Threoracha agus Cód Iompair maidir leis an Intleacht Shaorga

  • PRESS RELEASE
  • Foilseachán 30 Deireadh Fómhair 2023

Is díol sásaimh don Choimisiún comhaontú an lae inniu ó cheannairí G7 maidir le Prionsabail Threoracha Idirnáisiúnta maidir leis an Intleacht Shaorga (IS) agus Cód Iompair deonach d’fhorbróirí IS faoi phróiseas Hiroshima AI.

evocation of artificial intelligence
© berya113 - iStock Getty Images Plus

Beidh na prionsabail sin agus an Cód Iompair deonach ina gcomhlánú, ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar na rialacha atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá á dtabhairt chun críche ag comhreachtóirí an Aontais faoi láthair faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga.

Bhí Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, i measc na ndaoine a ghlac páirt sa ráiteas ó cheannairí G7 a d’eisigh Uachtaránacht na Seapáine ar G7 in 2023.

Seo mar a labhair an tUachtarán von der Leyen:

Is mór na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an intleacht shaorga do shaoránaigh agus don gheilleagar. Mar sin féin, tá dúshláin nua ag gabháil leis an dlús atá curtha le hacmhainneacht na hintleachta saorga freisin. Ina cheannródaí rialála cheana féin leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, tá an tAontas ag cur le ráillí cosanta IS agus leis an rialachas ar an leibhéal domhanda freisin. Is cúis áthais dom fáilte a chur roimh Phrionsabail Threoracha idirnáisiúnta G7 agus roimh an gCód Iompair deonach, lena léirítear luachanna an Aontais chun IS iontaofa a chur chun cinn. Iarraim ar fhorbróirí IS an Cód Iompair seo a shíniú agus a chur chun feidhme a luaithe is féidir.

Léigh an phreaseisiúint iomlán.

Related content

  • Policy and legislation
  • 30 Deireadh Fómhair 2023
Is é is aidhm don Chód Iompair Idirnáisiúnta d’Eagraíochtaí a fhorbraíonn Ardchórais intleachta saorga IS sábháilte, slán agus iontaofa a chur chun cinn ar fud an domhain agus soláthrófar leis treoir dheonach le haghaidh gníomhaíochtaí eagraíochtaí a fhorbraíonn na córais intleachta saorga is forbartha, lena n-áirítear na bunsamhlacha agus na córais ghiniúnacha IS is forbartha.
  • Policy and legislation
  • 30 Deireadh Fómhair 2023
Is é is aidhm do Threoirphrionsabail Idirnáisiúnta le haghaidh Eagraíochtaí a fhorbraíonn Ardchórais intleachta saorga IS sábháilte, slán agus iontaofa a chur chun cinn ar fud an domhain agus tabharfar treoir d’eagraíochtaí a fhorbraíonn agus a úsáideann na córais intleachta saorga is forbartha, lena n-áirítear na bunsamhlacha agus na córais ghiniúnacha IS is forbartha.
Last update

3 Samhain 2023