Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
  • PRESS RELEASE
  • Foilseachán 26 Meán Fómhair 2024

Is díol sásaimh don Choimisiún an Ráiteas Comhpháirteach maidir le slándáil agus athléimneacht cáblaí faoin bhfarraige ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac

Inné, d’fhormhuinigh an tAontas Ráiteas Comhpháirteach maidir le slándáil agus athléimneacht cáblaí faoin bhfarraige le linn imeacht de chuid Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac.

GettyImages 1415445439 © Dragon Claws

Tá cáblaí fomhuirí ríthábhachtach le haghaidh nascacht idirnáisiúnta, trácht sonraí agus cumarsáid. Leagtar amach sa Ráiteas Comhpháirteach, arna mholadh ag na Stáit Aontaithe, prionsabail chun a áirithiú go mbeidh bonneagar cáblaí faoin bhfarraige slán, iontaofa, inbhuanaithe agus athléimneach. Áirítear ar na prionsabail sin moltaí chun soláthraithe cábla fomhuirí ísealriosca a roghnú, dea-chleachtais chibearshlándála a leanúint, éagsúlacht bealaí a fheabhsú agus líonraí cábla a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe ar shonraí faoi bhealach.

Seo mar a labhair Margrethe Vestager, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach:

‘Bonneagar thar a bheith straitéiseach is ea cáblaí fomhuirí. Iompraítear beagnach gach trácht sonraí idirnáisiúnta trí cháblaí faoin bhfarraige, agus iad á nochtadh do bhagairtí slándála ó haiceáil go faireachas. Is díol mór sásaimh dom an ráiteas comhpháirteach a chuirfidh ar ár gcumas agus ar ár gcomhpháirtithe slándáil na gcáblaí fomhuirí a threisiú ar fud an domhain.’

Tá an Ráiteas Comhpháirteach i gcomhréir leis an moladh ón gCoimisiún maidir le slándáil agus athléimneacht bonneagar cáblaí fomhuirí, lena gcuirtear i láthair sraith gníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais atá dírithe ar shlándáil agus athléimneacht cáblaí fomhuirí a fheabhsú, trí chomhordú níos fearr ar fud an Aontais, i dtéarmaí rialachais agus cistiúcháin araon.