
Ba í an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Cheannasacht, Slándáil agus Daonlathas Teicneolaíochta, Henna Virkkunen, an Coimisinéir um Thrádáil agus Slándáil Eacnamaíoch, Maroš Šefčovič, mar aon leis an gCoimisinéir um Ghnólachtaí Nuathionscanta, um Thaighde agus um Nuálaíocht, Ekaterina Zaharieva, a rinne ionadaíocht thar ceann an Aontais, a bhí ina gcomhchathaoirligh ar an gcruinniú. Ar thaobh na hIndia, ba iad na comhchathaoirligh an tAire Gnóthaí Seachtracha an Dr. S. Jaishankar, an tAire Tráchtála agus Tionscail Shri Piyush Goyal agus an tAire Iarnróid, Faisnéise & Craolachán, Leictreonaic & Teicneolaíocht Faisnéise Ashwini Vaishnaw.
Leanann torthaí an chruinnithe obair na dtrí mheitheal den Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta. Maidir le teicneolaíochtaí straitéiseacha, rialachas digiteach agus nascacht dhigiteach, cuirfidh an tAontas agus an India dlús le claochlú digiteach duinelárnach, chomh maith le forbairt na hintleachta saorga (IS), leathsheoltóirí, ríomhaireachta ardfheidhmíochta agus 6G. Go nithiúil, chomhaontaigh an tAontas agus an India oibriú i dtreo idir-inoibritheacht na mbonneagar poiblí digiteach (DPInna). I réimse IS, déanfaidh an Oifig Eorpach um Intleacht Shaorga agus Misean IS na hIndia an comhar a dhoimhniú, mar shampla, maidir le samhlacha teanga móra (LLManna) agus IS le haghaidh fhorbairt an duine agus an leasa choitinn, lena n-áirítear trí thionscadail chomhpháirteacha amhail uirlisí agus creataí a fhorbairt le haghaidh IS eiticiúil agus freagrach.
Maidir le teicneolaíochtaí glasa agus fuinnimh ghlain, dheimhnigh an dá chomhpháirtí an dul chun cinn maith atá déanta go dtí seo, tar éis gnólachtaí nuathionscanta na hIndia agus an Aontais a nascadh le comhpháirtithe agus infheisteoirí ionchasacha i réimse na hathchúrsála ceallraí le haghaidh feithiclí leictreacha. Tháinig an dá chomhpháirtí ar chomhaontú maidir le comhar taighde ar bhruscar plaisteach muirí, hidrigin in-athnuaite dramhaíola, agus athchúrsáil ceallraí le haghaidh feithiclí leictreacha, le hinfheistíocht chomhpháirteach de thart ar EUR 60 milliún. Reáchtáil an AE agus an India ceardlann freisin ar chaighdeáin luchtaithe feithiclí leictreacha níos luaithe sa tseachtain.
Maidir le trádáil, infheistíocht agus slabhraí luacha athléimneacha, chomhaontaigh an tAontas agus an India feabhas a chur ar a gcomhar maidir le slabhraí soláthair a neartú, go háirithe i gcás earraí talmhaíochta, teicneolaíocht ghlan agus comhábhair ghníomhacha chógaisíochta. Rinne siad iniúchadh freisin ar bhealaí comhair maidir leis an gcóras trádála iltaobhach, agus phléigh siad saincheisteanna déthaobhacha maidir le rochtain ar an margadh, scagadh ar Infheistíocht Dhíreach Choigríche agus cur chun feidhme Shásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha an Aontais.
Léigh tuilleadh faisnéise maidir leis na príomhthorthaí agus an Ráiteas Comhpháirteach.
Related content
Digibyte | 28 Feabhra 2025
Thionóil an tAontas Eorpach agus an India a dara cruinniú aireachta den Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta (TTC) an 28 Feabhra 2025, i nDeilí Nua, mar chuid de cheann de na chéad chuairteanna a thug Coláiste na gCoimisinéirí go luath sa sainordú nua.