
Leis na céimeanna sin, cuirfear feabhas ar shreafaí sonraí trasteorann, cuirfear céannachtaí digiteacha idir-inoibritheacha chun cinn agus neartófar an comhar maidir le taighde, rialáil ardán agus bonneagar digiteach agus, ag an am céanna, cuirfear tairbhí nithiúla ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí.
Ag an gcruinniú, tugadh le chéile an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Cheannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus Daonlathas, Henna Virkkunen agus airí na Seapáine Hisashi Matsumoto, an tAire um Chlaochlú Digiteach, Yoshimasa Hayashi, an tAire Gnóthaí Inmheánacha agus Cumarsáide, agus Toshiyuki Ochi, an Leas-Aire Parlaiminteach Geilleagair, Trádála agus Tionscail.
Léigh an phreaseisiúint iomlán agus faigh tuilleadh eolais faoi: