Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Tá Moil frith-mhífhaisnéise an Aontais ar fáil anois do thíortha uile an Aontais

D’fhógair an Coimisiún go gcruthófaí sé mhoil nua i gcoinne na bréagaisnéise a bheidh mar chuid den Fhaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha (EDMO), an t-ardán neamhspleách do sheiceálaithe fíricí, do thaighdeoirí acadúla agus do gheallsealbhóirí ábhartha eile a rannchuidíonn le haghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis san Eoraip.

photo of a road sign with text Fact Check printed on it

iStock photo Getty images plus

Anois agus tíortha uile an Aontais á gcumhdach acu, beidh na moil nua ag feidhmiú ó thús na bliana seo chugainn agus comhlánóidh siad na hocht mol atá i bhfeidhm faoi láthair ó 2021 i leith. Rannchuideoidh siad le pobal ildisciplíneach a chruthú chun líonra a chruthú a bheidh in ann feachtais bhréagaisnéise a bhrath agus a anailísiú, gníomhaíochtaí litearthachta sna meáin a eagrú ar an leibhéal náisiúnta nó ilnáisiúnta agus gníomhaíochtaí eile a thacaíonn leis an gcomhrac i gcoinne na bréagaisnéise.

Seo mar a labhair Věra Jourová, an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Thrédhearcacht: “Tá trédhearcacht a áirithiú, feasacht a mhúscailt agus seiceáil fíricí i measc na n-uirlisí is tábhachtaí atá againn chun bréagaisnéis ar líne a dhíbirt. Táimid ag cinntiú go ndéantar é sin go héifeachtúil agus go bhfuil na torthaí ar fáil do gach Eorpach aonair. Leanfaimid de bheith ag tógáil ar shaineolas na Faireachlainne Eorpaí um na Meáin Dhigiteacha i gcomhthéacs an Chóid Cleachtais maidir le Bréagaisnéis. Neartóidh sé sin freisin na hiarrachtaí chun cur i gcoinne bholscaireacht chogaidh na Rúise i ngach tír san Aontas agus i ngach teanga.”

Seo mar a labhair Thierry Breton, an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach:

San Aontas, táimid ag treisiú ár ngníomhaíochtaí i gcoinne na bréagaisnéise agus tá rannchuidiú EDMOanna i ndáil leis sin tábhachtach. Leis an nGníomh nua um Sheirbhísí Digiteacha — píosa lárnach an Aontais chun an spás ar líne atá díreach tar éis teacht i bhfeidhm a dhéanamh níos sábháilte — cuirfear an comhrac i gcoinne na bréagaisnéise ar leibhéal nua.

Bainfidhna sé thogra a roghnóidh painéal saineolaithe neamhspleácha tairbhe as maoiniú ón Aontas (thart ar EUR 8 milliún ar an iomlán) ón gClár don Eoraip Dhigiteach. Clúdóidh gach ceann de na moil náisiúnta agus réigiúnacha tír amháin nó níos mó: An Ostair, an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, an Eastóin, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Rómáin agus an tSlóivéin.