Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
  • PRESS RELEASE
  • Foilseachán 11 Deireadh Fómhair 2024

Tús á chur le Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh 2024 chun daoine óga a spreagadh chun scileanna códúcháin agus digiteacha a shealbhú

Cuireadh tús leis an 12ú heagrán de Sheachtain Chóid an Aontais Eorpaigh le hócáid seolta hibrideach.

Children around a laptop, mention of date and time of the event; text "Kick off EU Code Week 2024 with our Launch Event".

Nascann an ócáid seo pobal Sheachtain na gCód ó gach cearn den Eoraip agus taispeánann sé na hiarrachtaí leanúnacha chun scileanna digiteacha agus gairmeacha sa teicneolaíocht a chur chun cinn le seisiúin ar scéalta spreagúla na mban san oideachas teicneolaíochta agus digiteach.  

Bíonn Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh ar siúl i mbliana ón 14 go dtí an 27 Deireadh Fómhair. Is féidir le duine ar bith páirt a ghlacadh trí ghníomhaíochtaí códúcháin a eagrú nó páirt a ghlacadh iontu. Cuireadhábhair i 29 dteanga ar fáil chun tacú le heagraithe gníomhaíochtaí, amhail múinteoirí, agus taispeántar ar léarscáil idirghníomhach na gníomhaíochtaí go léir atá á n-eagrú de réir ceantair.

Trí ghníomhaíochtaí códúcháin a thabhairt chuig na seomraí ranga, féachann Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh le daoine óga a spreagadh chun dul i mbun códúcháin agus gairm bheatha a shaothrú i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice (ETIM).

Seo mar a labhair Margrethe Vestager, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach:

“Trí fhoghlaim conas códú a dhéanamh, is féidir le hEorpaigh óga barr a gcumais a bhaint amach agus a bheith ina nuálaithe, ina bhfiontraithe agus ina gceannairí amach anseo. Is deis iontach í Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh i mbliana dóibh tús a chur léi, agus molaim do gach duine páirt a ghlacadh i saol spreagúil na scileanna códúcháin agus digiteacha agus eolas a chur ar an saol sin.’

Tá Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh mar chuid de raon leathan tionscnamh a dtacaíonn an Coimisiún Eorpach leo chun an bhearna scileanna le haghaidh tallann dhigiteach a dhúnadh agus chun bunscileanna digiteacha a chur chun cinn sa daonra. Léirítear sa Tuarascáil ar staid na Deacáide Digití 2024 go bhfuil obair shuntasach fós le déanamh chun spriocanna 2030 maidir le scileanna digiteacha a bhaint amach. Ag an ráta reatha faoi 2030, ní bheidh ach 59.8 % díobh siúd idir 16-74 bliana d’aois ag a bhfuil bunscileanna digiteacha, ní bheidh an sprioc de 80 % acu agus ní shroichfidh líon na speisialtóirí TFC ach 12 mhilliún, i bhfad faoi bhun na sprice de 20 milliún.

Tuilleadh eolais faoi Sheachtain Chóid an Aontais Eorpaigh.