Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Beartas comhtháthaithe an Aontais: Tá rochtain ar níos mó ná 1.5 milliún tionscadal atá maoinithe ag an Aontas ar ardán poiblí nua

Sheol an Coimisiún ‘Kohesio’ an tseachtain seo, ardán poiblí ar líne ina mbailítear an fhaisnéis go léir faoi níos mó ná 1.5 milliún tionscadal i ngach ceann de na 27 mBallstát atá á maoiniú ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ag an gCiste Comhtháthaithe agus ag Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) ó 2014 i leith.

graphic showing a person with a Virtual Reality set and a laptop with data displayed and in the background a village in the mountains

European Commission

Is é an chéad uair ardán cuimsitheach sonraí tionscadail, a bheidh ar fáil i ngach teanga de chuid an Aontais, a chruthú agus a chur ar fáil do chách. Chun é a bhunú, bhí gá le dlúthchomhar le húdaráis bhainistíochta sna Ballstáit nó sna réigiúin éagsúla, ós rud é gurb iad na húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha a bhainistíonn na tionscadail chomhtháthaithe.

Preaseisiúint iomlán

Ardán Kohesio

An 8ú Fóram um Chomhtháthú