Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Déanann Coimisiún an Aontais agus na Ballstáit ionsamhlúchán cibirionsaithe ar mhórscála ar mhaithe le hullmhacht fheabhsaithe

Ghlac ionadaithe sinsearacha cibearshlándála ó Bhallstáit an Aontais, ón gCoimisiún, agus ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) páirt an tseachtain seo i ‘gCleachtadh ar an Leibhéal Oibríochtúil’ dhá lá, nó Blue Olex 2023, chun ullmhacht an Aontais a thástáil i gcás géarchéim a bhaineann leis an gcibearshlándáil.

iStock photo Getty images plus

Eagraíodh an cleachtadh sin faoi chuimsiú an Líonra Eorpaigh um Eagrú Idirchaidrimh Cibearghéarchéime, nó faoi chuimsiú ‘EU-CyCLONe’.

Cuidíonn líonra CyCLONe an Aontais le cur chun feidhme Threoirphlean an Choimisiúin um mhearfhreagairt éigeandála i gcás cibeartheagmhas nó géarchéim trasteorann ar mhórscála. Comhlánaíonn sé na struchtúir chibearshlándála atá ann cheana ar leibhéal an Aontais tríd an gcomhar ar an leibhéal teicniúil a nascadh, tríd an bhFoireann Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí, agus tríd an leibhéal polaitiúil, mar shampla tríd an bhFreagairt Chomhtháite Pholaitiúil do Ghéarchéimeanna, sásra an Aontais um fhreagairt ar ghéarchéimeanna lena dtacaítear le cinnteoireacht mhear chomhordaithe ar an leibhéal polaitiúil le haghaidh géarchéimeanna móra casta.

Ina theannta sin, phléigh na rannpháirtithe saincheisteanna straitéiseacha cibearbheartais, go háirithe conas creat comhleanúnach a mhúnlú le haghaidh bainistiú géarchéime ar leibhéal an Aontais.

In 2020, bunaíodh líonra CyCLONe an Aontais go foirmiúil leis an Treoir maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais (Treoir NIS2) i mí Eanáir 2023.

Tuilleadh eolais faoi straitéis cibearshlándála an Aontais