Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

An Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus an India: an chéad chruinniú aireachta a thionólfar sa Bhruiséil

Tionólfar an chéad chruinniú aireachta den Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta (TTC) idir an tAontas agus an India an 16 Bealtaine sa Bhruiséil.

Image with EU and Indian flag on sky background

@GettyImages

Is iad na Leas-Uachtaráin Feidhmiúcháin Margrethe Vestager agus Valdis Dombrovskis, agus ar thaobh na hIndia, Subrahmanyam Jaishankar, an tAire Gnóthaí Eachtracha, Piyush Goyal, an tAire Tráchtála agus Tionscail, agus Ashwini Vaishnaw, an tAire Leictreonaic agus Teicneolaíochta Faisnéise, a dhéanfaidh comhchathaoirleacht ar an gcruinniú aireachta. In éineacht leo beidh an tArdionadaí agus an Leas-Uachtarán Josep Borrell, mar aon leis an gCoimisinéir um an Margadh Inmheánach Thierry Breton.

Reáchtálfar imeachtaí gaolmhara le páirtithe leasmhara Dé Luain, an 15 Bealtaine roimh an TTC, le rannpháirtithe ón lucht gnó, ón saol acadúil agus ón tsochaí shibhialta.

Is é is aidhm don fhóram nuachruthaithe seo an chomhpháirtíocht straitéiseach maidir le trádáil agus teicneolaíocht idir an dá chomhpháirtí a dhoimhniú. Tá leas coiteann ag an Aontas agus ag an India slándáil, rathúnas agus forbairt inbhuanaithe a áirithiú bunaithe ar luachanna comhroinnte.

Tá an obair ullmhaithe ag trí mheitheal lena ndíreofar ar theicneolaíochtaí straitéiseacha, ar an rialachas digiteach agus ar an nascacht dhigiteach; teicneolaíochtaí fuinnimh ghlais agus fuinnimh ghlain; agus trádáil, infheistíocht agus slabhraí luacha athléimneacha.

Tháinig an chéad chruinniú sin sna sála ar sheoladh TTC idir an tAontas agus an India an 6 Feabhra 2023 agus ar an bhfógra ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen agus ó Phríomh-Aire na hIndia, Narendra Modi, an 25 Aibreán 2022 i nDeilí Nua.