Ag feidhmiú mar phointe nasctha leis an éiceachóras EOSC atá ag teacht chun cinn, is ardán agus tairseach faisnéise araon é Nód AE EOSC a chuidíonn le bonneagar taighde digiteach a thabhairt le chéile ar fud na hEorpa.
Is é uaillmhian EOSC ‘GréasánSonraí agus Seirbhísí FAIR’a chruthú don eolaíocht san Eoraip. Mar thimpeallacht oscailte don taighde, nascfaidh sé na seirbhísí eolaíocha atá ann cheana, tacóidh sé le beartas eolaíochta oscailte an Aontais, agus cuirfidh sé deiseanna nua ar fáil do thaighdeoirí ag an am céanna.
Ar leibhéal praiticiúil, cuireann Nód AE EOSC ar a gcumas d’úsáideoirí rochtain a fháil ar shonraí agus ar bhogearraí ar an néal, uirlisí agus comhaid a chomhroinnt, leabhair oibre chomhoibríocha agus meaisíní fíorúla a úsáid, agus modhanna fíordheimhnithe simplí ag baint leo go léir. Is ‘síol sa talamh’ é chun EOSC a fhorbairt, lena mbunaítear treoirphlean le haghaidh nóid EOSC amach anseo.
Seo mar a labhair an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach, Margrethe Vestager:
“Cuideoidh an Néal Eorpach nua maidir leis an Eolaíocht Oscailte le taighdeoirí agus le cuideachtaí cur leis an taighde atá déanta cheana san Eoraip agus réitigh nithiúla a dhéanamh de a chuideoidh le saoránaigh agus le cuideachtaí na hEorpa.”
TáEOSC ina phríomhchuid d’uaillmhian an Choimisiúin saorshreabhadh sonraí a chumasú agus margadh aonair digiteach a chruthú. Cuideoidh sé leis an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí a bhaint amach agus le seasamh na hEorpa mar shochaí sonraíbhunaithe a threisiú. Cistíodh Nód AEEOSC le €30 milliún ó Fhís Eorpach, a d’infheistigh €257 milliún in EOSC ó 2021 i leith.
Tuilleadh eolais: