
Ní mór na rialacha atá ann faoi láthair a thabhairt cothrom le dáta chun na dálaí a chruthú d’oibreoirí chun infheistíocht a dhéanamh in ardlíonraí snáithín agus móibíleacha a rolladh amach. Cumasaíonn líonraí ardacmhainneachta teicneolaíocht nuálach, amhail an Intleacht Shaorga agus an Néalríomhaireacht. Is é infhaighteacht fhorleathan ardnascachta do dhaoine agus do ghnólachtaí ar fud an Aontais bunchloch iomaíochas na hEorpa.
Seo mar a labhair Henna Virkkunen, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Cheannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus Daonlathas:
"Tosaíonn nuálaíocht na hEorpa le hEoraip atá nasctha go fírinneach. Tá bonneagar digiteach athléimneach ardfheidhmíochta ríthábhachtach chun ceannaireacht na hEorpa sa nuálaíocht, san iomaíochas agus sa cheannasacht dhigiteach a neartú. Le hardnascacht inrochtana, beidh gnólachtaí nuathionscanta in ann leas a bhaint as acmhainneacht na hintleachta saorga, rud a chuirfidh ar chumas dochtúirí aire a thabhairt d’othair go cianda, go tapa agus go sábháilte. Is é an sprioc atá againn timpeallacht dhigiteach ina bhfuil teicneolaíochtaí nua ar fáil go héasca, inacmhainne agus bunaithe ar rialacha cothroma iontaofa a théann chun tairbhe do dhaoine.”
Léigh an phreaseisiúint iomlán.
Tuilleadh eolais:
Related content
Last update
21 Eanáir 2026