Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
  • PRESS RELEASE
  • Foilseachán 06 Meitheamh 2025

Céim eile glactha ag an Aontas i mbainistiú géarchéime cibearshlándála

Inniu, ghlac Ballstáit an Aontais an togra ón gCoimisiún maidir le treoirphlean an Aontais le haghaidh bainistiú géarchéime cibearshlándála (‘Cibear-Threoirphlean’) chun athléimneacht ár nAontais i gcoinne cibearbhagairtí atá ag dul i méid a threisiú.

Logo of the Cyber Blueprint

Sainítear róil agus freagrachtaí sa ‘Chibear-Threoirphlean’, ina sonraítear na príomhghníomhaithe agus na príomhshásraí lena mbaineann ag gach céim de ghéarchéim. Feabhsaíonn sé comhroinnt faisnéise agus comhordú freagartha ar an leibhéal polaitiúil agus ar an leibhéal teicniúil le linn géarchéime.

Seo mar a labhair Henna Virkkunen, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Cheannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus Daonlathas:

‘Is díol sásaimh dom gur glacadh an Cibear-Threoirphlean inniu. I gcásanna géarchéime, ní féidir tobchumadh a dhéanamh, go háirithe i dtimpeallacht gheopholaitiúil an lae inniu atá ag athrú go tapa agus atá éiginnte. Is cuid lárnach í de Straitéis Ullmhachta an Aontais. Is uirlis phraiticiúil é do na Ballstáit agus do chomhlachtaí an Aontais oibriú le chéile chun ullmhú do chibear-ghéarchéim a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dár mbonneagar criticiúil agus dár slándáil phoiblí agus chun freagairt di.’

Cuireann an Cibear-Threoirphlean le creataí amhail an Fhreagairt Chomhtháite Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna agus Bosca Uirlisí Cibearthaidhleoireachta an Aontais, agus é ag ailíniú le tionscnaimh a rinneadh le déanaí amhail an Treoirphlean maidir leis an mBonneagar Criticiúil agus an cód gréasáin maidir leis an gcibearshlándáil d’earnáil leictreachais an Aontais.

Léigh tuilleadh faoin Moladh a glacadh maidir le Cibear-Threoirphlean an Aontais.