
Getty Images © Aree Sarak
Tá an Gníomh um an Intleacht Shaorga ceaptha chun a chinntiú go mbeidh an intleacht shaorga a fhorbraítear agus a úsáidtear san Aontas iontaofa, agus go mbeidh coimircí ann chun cearta bunúsacha daoine a chosaint. Is é is aidhm don rialachán margadh inmheánach comhchuibhithe a bhunú don intleacht shaorga san Aontas, lena spreagfar glacadh na teicneolaíochta sin agus lena gcruthófar timpeallacht thacúil don nuálaíocht agus don infheistíocht.
Leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, tugtar isteach sainmhíniú réamhbhreathnaitheach ar an intleacht shaorga, bunaithe ar shábháilteacht táirgí agus ar chur chuige rioscabhunaithe san Aontas.
Léigh an phreaseisiúint iomlán.
Tuilleadh eolais:
An Gníomh Eorpach um an Intleacht Shaorga - Reachtaíocht
An Gníomh Eorpach um an Intleacht Shaorga - Leathanach beartais