
GettyImages © Nikola Ilic
Is cuid é de fhreagairt bheartais an Aontais ar dhúshláin dhomhanda i dteicneolaíochtaí leathsheoltóra: agus an Eoraip ag brath go mór ar sholáthróirí ó réigiúin eile, is é is aidhm don Ghníomh um Shliseanna athléimneacht agus ceannasacht theicneolaíoch an Aontais a áirithiú i dteicneolaíochtaí agus i bhfeidhmeanna leathsheoltóra. Le díreach os cionn 1.5 bliain ó tháinig sé i bhfeidhm, tá dul chun cinn suntasach déanta ag an nGníomh Eorpach um Shliseanna chun a chinntiú gur féidir leis an Eoraip freastal ar a riachtanais leathsheoltóirí agus ár n-acmhainneacht nuálaíochta agus táirgthe leathsheoltóirí san Eoraip a mhéadú.
Faoi Cholún I, tá os cionn 85 % dá bhuiséad geallta cheana féin ag an Tionscnamh Sliseanna don Eoraip, lena nasctar taighde ardleibhéil le feidhmeanna tionsclaíocha. Tá an Comhghnóthas um Shliseanna ag tacú le cúig líne phíolótacha ar fiú EUR 3.7 billiún san iomlán iad i gcistiú Eorpach agus náisiúnta. Tá lárionaid inniúlachta bunaithe anois ag na Ballstáit uile agus ag an Iorua ar a gcríocha nó tá siad gar dó sin a dhéanamh. Tá na lárionaid sin ríthábhachtach chun acmhainní riachtanacha a chur ar fáil do ghnólachtaí (go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta) chun réitigh leathsheoltóra a fhorbairt, lena n-áirítear tacaíocht, oiliúint agus rochtain ar shaoráidí móra bonneagair arna mbunú faoin nGníomh um Shliseanna. Thairis sin, beidh FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta in ann iarratas a dhéanamh ar an ardán deartha a úsáid faoi dheireadh na bliana seo. Ina theannta sin, roghnaíodh sé thionscadal cheannródaíocha mar chuid den infheistíocht EUR 200 milliún ón Aontas i sliseanna candamacha. Cuirfidh na tionscadail sin dlús leis an dul chun cinn i bhfeidhmeanna candamacha amhail ríomhaireacht, cumarsáid agus braiteacht. Faoin gCiste um Shliseanna, tá tacaíocht chothromais á cur ar fáil cheana féin ag an gComhairle Nuálaíochta Eorpach agus ag comhpháirtithe roghnaithe do ghnólachtaí nuathionscanta leathsheoltóirí.
Faoi Cholún II, tá níos mó ná EUR 80 billiún d’infheistíochtaí in acmhainneacht mhonaraíochta sliseanna spreagtha cheana féin ag an nGníomh Eorpach um Shliseanna, rud a rannchuidíonn le sciar an Aontais den mhargadh a mhéadú vis-à-vis iomaitheoirí. Tá seacht gcinnde chinntí ceannródaíocha maidir le Státchabhair formheasta ag an gCoimisiún cheana féin, ar fiú níos mó ná EUR 31.5 billiún d’infheistíocht phoiblí agus phríobháideach iad. Tagann sé sin sa bhreis ar fhormheas an Choimisiúin ar Thionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (‘IPCEI’) chun tacú leis an taighde, leis an nuálaíocht agus leis an gcéad chur in úsáid tionsclaíoch den mhicrileictreonaic agus de theicneolaíochtaí cumarsáide ar fud an tslabhra luacha le breis agus EUR 21 bhilliún d’infheistíocht iomlán phoiblí agus phríobháideach. Táthar ag súil le cinntí maidir le stádas Saoráidí Táirgeachta Comhtháite (IPFanna) agus Teilgcheártaí Oscailte AE (OEFanna) roimh an samhradh. Chomh maith leis an tionscadal ceannródaíoch agus IPCEI, tá roinnt tionscadal breise fós á bhforbairt nó ar na bacáin.
Faoi Cholún III, tá an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí ag stiúradh an dul chun cinn go gníomhach — iarrachtaí náisiúnta a chomhordú agus faireachán a dhéanamh ar athléimneacht an tslabhra soláthair. Tá faisnéis curtha ar fáil cheana féin ag na Ballstáit chun ‘príomhghníomhaithe margaidh’ a shainaithint (a chuireann le mapáil straitéiseach leanúnach an Choimisiúin ar an earnáil), ach freisin chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe slándála eacnamaíche a bhaineann leis an slabhra soláthair leathsheoltóirí san Eoraip. Tá dul chun cinn suntasach déanta maidir le faireachán ar an slabhra soláthair trí anailís a dhéanamh ar sheasamh an Aontais i dtimpeallacht dhomhanda na leathsheoltóirí. Cuirfidh sé sin go léir le tuiscint i bhfad níos fearr ar na rioscaí a bhaineann le slabhraí soláthair na hEorpa agus le bearta maolaithe féideartha a d’fhéadfaí a mheas chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sainaitheanta.