Beidh na céadta gníomhaíochtaí ar siúl ar fud na hEorpa i mbliana, amhail comhdhálacha, ceardlanna, seisiúin oiliúna, cuir i láthair, seimineáir ghréasáin agus feachtais ar líne, chun an chibearshlándáil a chur chun cinn i measc saoránach agus eagraíochtaí agus chun faisnéis slándála ar líne atá cothrom le dáta a chur ar fáil trí fheasacht a mhúscailt agus trí dhea-chleachtais a roinnt.
Seo mar a labhair Margrethe Vestager, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach:
Ní bhainfimid úsáid as an teicneolaíocht mura bhfuil muinín againn aisti; agus tagann muinín ó mothú sábháilte. Sin an fáth a bhfuil an chibearshlándáil ríthábhachtach dár ndigitiú, agus d’úsáid na teicneolaíochta. Go háirithe sa lá atá inniu ann, nuair a bhí an oiread sin rudaí á ndéanamh againn ar líne mar gheall ar an bpaindéim: obair, foghlaim, siopadóireacht, agus tuilleadh. Trí nósanna maithe cibearshlándála a ghlacadh, táimid ag tógáil saol digiteach atá sábháilte agus slán.
Seo mar a labhair Margaritis Schinas, an Leas-Uachtarán um ár nDóigh Bheatha Eorpach a chur chun cinn:
Cuireann cibirionsaithe ár ngnólachtaí, ár mbonneagair ríthábhachtacha, ár sonraí, feidhmiú ár ndaonlathas i mbaol. Baineann cibearchoirpigh leas as an leochaileacht is lú inár dtimpeallacht dhigiteach. Is é is aidhm don fheachtas Mí na Cibearshlándála Eorpaí cabhrú le gach duine na scileanna riachtanacha a fháil chun sinn féin agus ár modh maireachtála a chosaint ar chibearbhagairtí. Tá mana an fheachtais ‘Smaoinigh roimh U Click’ go háirithe i mbliana níos ábhartha ná riamh.
Tá an chibearfheasacht ar cheann de ghnéithe Straitéis Chibearshlándála an Aontais a fógraíodh i mí na Nollag anuraidh.
Tá tuilleadh eolais ar fáil sa phreasráiteas seo ó ENISA.
Tá eolas faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl ar fud na mBallstát ar fáil ar an léarscáil idirghníomhach seo, agus tá ábhar múscailte feasachta ar fáil ar an suíomh gréasáin tiomnaithe.
Lean an feachtas ar Twitter @CyberSecMonth le haischlibeanna #CyberSecMonth agus #ThinkB4Uclick, agus ar Facebook @CyberSecMonthEU.