
European Commission
Áirítear sa Rialachán atá beartaithe, i measc nithe eile, coimircí i gcoinne cur isteach polaitiúil ar chinntí eagarthóireachta agus i gcoinne faireachais. Cuirtear béim ann ar neamhspleáchas agus ar chistiú cobhsaí na meán seirbhíse poiblí agus ar thrédhearcacht úinéireacht na meán agus ar leithdháileadh na fógraíochta stáit. Leagtar amach ann freisin bearta chun neamhspleáchas eagarthóirí a chosaint agus chun coinbhleachtaí leasa a nochtadh. Ar deireadh, tabharfaidh an Gníomh aghaidh ar shaincheist chomhchruinnithe na meán agus cruthófar Bord Eorpach nua neamhspleách um Sheirbhísí na Meán, ina mbeidh údaráis náisiúnta na meán. Ghlac an Coimisiún Moladh comhlántach freisin chun coimircí inmheánacha do neamhspleáchas eagarthóireachta a spreagadh.
Related content
Policy and legislation | 16 Meán Fómhair 2022
An Togra le haghaidh Rialacháin agus an Moladh maidir leis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán.