
Tionóladh an Chomhairle i gcomhthráth le cruinniú Aireachta Tionscail, Digiteach agus Teicneolaíochta G7, arna óstáil ag Ceanada.
Tá straitéisí seolta ag an Aontas agus ag Ceanada araon chun a n-iomaíochas agus a gceannasacht dhigiteach a neartú agus d’athdhearbhaigh siad a thábhachtaí atá sé tacú le cuideachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), le rialacháin chliste.
Faoi chomhchathaoirleacht Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh um Cheannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus Daonlathas, Henna Virkkunen, agus Aire Cheanada um an Intleacht Shaorga agus Nuálaíocht Dhigiteach, Evan Solomon, chuir an Chomhairle fáilte roimh an gcomhar faoin gComhpháirtíocht agus leag sí síos clár oibre uaillmhianach do na míonna amach romhainn. Chomhaontaigh an tAontas agus Ceanada féachaint ar dheiseanna chun comhoibriú le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo maidir le saincheisteanna leasa choitinn.
Léigh an phreaseisiúint iomlán agus an Ráiteas Comhpháirteach.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil freisin faoi cheithre chomhpháirtíocht dhigiteacha an Aontais leis an tSeapáin, le Poblacht na Cóiré, le Singeapór agus le Ceanada.