
iStock photo Getty Images plus
Tá an Fóram ar cheann de na himeachtaí is tábhachtaí san Eoraip maidir leis an gcibearshlándáil a bhailíonn gairmithe agus geallsealbhóirí Eorpacha cibearshlándála chun na forbairtí is déanaí sa réimse a phlé agus tuairimí a mhalartú. Ghlac an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Vestager páirt in agallamh ar chéim an lae inniu, inar leag sí béim ar ghníomhaíochtaí an Aontais arb é is aidhm dóibh muinín as teicneolaíocht agus slabhraí soláthair TFC athléimneacha a fheabhsú sa chomhthéacs geopholaitiúil slándála atá ann faoi láthair. Tabharfaidh an Leas-Uachtarán Schinas óráid deiridh an Fhóraim amárach, ag díriú ar an gcibearshlándáil mar chuid bhunriachtanach dár modh maireachtála, ar líne an oiread agus is as líne, agus ar an ngá atá le dul i ngleic leis na bagairtí slándála fisiciúla agus digiteacha ar bhealach rianúil mar chuid d’Aontas Slándála na hEorpa.
Beidh an plé ag an bhFóram dírithe freisin ar thionscnaimh reachtacha an Aontais a tugadh chun críche agus a chomhaontaigh na comhreachtóirí le roinnt míonna anuas, lena n-áirítear, i measc nithe eile, na rialacha nua maidir le cibearshlándáil líonraí agus córas faisnéise (TreoirNIS2, an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha agus an Ionstraim um Margaí Digiteacha), chomh maith leis na tograí ón gCoimisiún le haghaidh Féiniúlacht Dhigiteach atá iontaofa agus slán agus bearta le haghaidh geilleagar sonraí cothrom agus nuálach (Gníomh Sonraí). Den chéad uair riamh, tá an Líonra Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála a bunaíodh chun codanna ábhartha den Chlár don Eoraip Dhigiteach agus Fís Eorpach a chur chun feidhme á n-óstáil faoi Phailliún an Aontais in Lille.