
iStock photo Getty images plus
Den chéad uair riamh, tá cuspóirí agus spriocanna nithiúla leagtha síos go comhpháirteach ag Parlaimint na hEorpa, ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún sna ceithre phríomhréimse scileanna digiteacha, bonneagar lena n-áirítear nascacht, digitiú gnólachtaí, agus seirbhísí poiblí ar líne, i dtaca leis an Dearbhú maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha Eorpacha. Ag gabháil leis na cuspóirí agus na spriocanna, tá próiseas comhair thimthriallach ag tosú inniu, chun an dul chun cinn a mheas agus garspriocanna a shainiú ionas gur féidir iad a bhaint amach faoi 2030. Leis an gclár freisin, cruthaítear creat nua do thionscadail ilnáisiúnta a chuirfidh ar chumas na mBallstát dul i gcomhar le chéile ar thionscnaimh dhigiteacha.