Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

Faigh tuilleadh eolais faoi na treoirlínte do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha

  • DIGIBYTE
  • Foilseachán 18 Iúil 2025

D’fhoilsigh an Coimisiún treoirlínte maidir le raon feidhme na n-oibleagáidí do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga.

Úsáideann duine ríomhaire glúine ina dtaispeántar deilbhíní agus deaiseanna éagsúla a bhaineann leis an intleacht shaorga, lena n-áirítear ‘IS’ sa lár, graif, agus siombailí néalríomhaireachta, lena léirítear idirghníomhaíocht intleachta saorga.
GettyImages © Khanchit Khirisutchalual

Is é an aidhm atá ann deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do ghníomhaithe ar fud shlabhra luacha na hintleachta saorga trí shoiléiriú a dhéanamh ar cathain agus conas a cheanglaítear orthu na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh.

Tá na treoirlínte sin mar chuid de phacáiste níos leithne atá ceangailte le teacht i bhfeidhm na rialacha uile-Aontais an 2 Lúnasa 2025 le haghaidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha. Comhlánaíonn siad Cód Cleachtais na hIntleachta Saorga Ginearálta a fuair an Coimisiún ó shaineolaithe neamhspleácha an 10 Iúil.

Tá ról suntasach ag samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha maidir le nuálaíocht agus glacadh na hintleachta saorga a spreagadh laistigh den Aontas, ós rud é gur féidir iad a úsáid le haghaidh cúraimí éagsúla agus gur féidir iad a chomhtháthú i raon leathan córas intleachta saorga. Ar an gcúis sin, tá oibleagáidí áirithe ar sholáthraithe samhlacha den sórt sin faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga.

Áirítear ar na hoibleagáidí sin faisnéis a thabhairt do sholáthraithe córas intleachta saorga a bhfuil sé beartaithe acu an tsamhail a chomhtháthú ina gcórais intleachta saorga agus beartas a chur i bhfeidhm chun dlí cóipchirt na hEorpa a chomhlíonadh. Ina theannta sin, tá soláthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha is forbartha nó is mó tionchar, eadhon iad siúd a bhfuil rioscaí sistéamacha ag baint leo, faoi réir na n-oibleagáidí breise chun na rioscaí sistéamacha sin a mheasúnú agus a mhaolú. Áirítear ar rioscaí sistéamacha rioscaí do chearta bunúsacha agus don tsábháilteacht, agus rioscaí a bhaineann le caillteanas smachta ar an tsamhail.

Leis na treoirlínte sin, soiléirítear raon feidhme na n-oibleagáidí agus na daoine a bhfuil feidhm acu maidir leo. Dírítear sna treoirlínte ar cheithre phríomhábhar:

  • Samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha:  Meastar gur samhail intleachta saorga ilchuspóireach í samhail intleachta saorga má cuireadh oiliúint uirthi trí úsáid a bhaint as méid acmhainní ríomhaireachtúla (‘ríomh’) is mó ná 10^23 oibríocht snámhphointe agus más féidir léi teanga a ghiniúint (cibé acu i bhfoirm téacs nó fuaime), téacs go híomhá nó téacs go físeán.
  • Soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha: Leagtar amach sna treoirlínte na coincheapa ‘soláthraí’ agus ‘cur ar an margadh’ agus soiléirítear iontu cathain a mheastar gur soláthraí é gníomhaí a mhodhnaíonn samhail intleachta saorga ilchuspóireach.
  • Díolúintí ó oibleagáidí áirithe: Soiléirítear sna treoirlínte na coinníollacha faoina bhféadfaidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a scaoiltear faoi cheadúnas saor agus foinse oscailte agus a chomhlíonann coinníollacha trédhearcachta áirithe a bheith díolmhaithe ó oibleagáidí áirithe faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga.
  • Oibleagáidí a fhorfheidhmiú: Mínítear sna treoirlínte na himpleachtaí do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a roghnaíonn cloí le Cód Cleachtais intleachta saorga ilchuspóireach agus é a chur chun feidhme, agus leagtar amach iontu ionchais an Choimisiúin maidir le comhlíonadh ón 2 Lúnasa 2025 ar aghaidh.

Na chéad chéimeanna eile

Tagann oibleagáidí an Ghnímh um an Intleacht Shaorga do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha i bhfeidhm an 2 Lúnasa 2025. Ón dáta sin ar aghaidh, ní mór do sholáthraithe a chuireann samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha ar an margadh a n-oibleagáidí faoi seach maidir leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga a chomhlíonadh. Soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a aicmeofar mar shamhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach ag baint leo, ní mór dóibh fógra a thabhairt don Oifig um Intleacht Shaorga gan mhoill. Sa chéad bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na n-oibleagáidí sin, oibreoidh an Oifig um Intleacht Shaorga go dlúth le soláthraithe, go háirithe leo siúd a chloíonn leis an gCód Cleachtais maidir leis an Intleacht Shaorga, chun cabhrú leo na rialacha a chomhlíonadh. Ón 2 Lúnasa 2026, tiocfaidh cumhachtaí forfheidhmiúcháin an Choimisiúin i bhfeidhm.

Ní mór do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha atá ar an margadh cheana féin roimh an 2 Lúnasa 2025 na hoibleagáidí ábhartha faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga a chomhlíonadh faoin 2 Lúnasa 2027.

Cúlra

Is é is aidhm d’oibleagáidí an Ghnímh um an Intleacht Shaorga do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a áirithiú go mbeidh samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha trédhearcach, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta maidir le cóipcheart, agus go ndéanfaidh soláthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha is forbartha nó is mó tionchar measúnú agus maolú ar na rioscaí sistéamacha a bhaineann leis na samhlacha sin. Chun cabhrú le soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha an Gníomh um an Intleacht Shaorga a chomhlíonadh, tá pacáiste faisnéise á chur ar fáil ag an gCoimisiún, lena n-áirítear na treoirlínte, Cód Cleachtais Intleachta Saorga Ilchuspóireach, agus uirlisí breise chun cabhrú le soláthraithe, amhail Deasc Seirbhíse an Ghnímh um an Intleacht Shaorga.

Forbraíodh na treoirlínte trí chomhairliúchán poiblí, inar bhailigh an Coimisiún ionchur ó na céadta páirtithe leasmhara. Léirítear leo freisin ionchur ón díorma saineolaithe a bhunaigh Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin chun comhairle a chur ar an Oifig um Intleacht Shaorga maidir le haicmiú samhlacha intleachta saorga, lena n-áirítear samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha agus iad siúd a bhfuil riosca sistéamach ag baint leo, chomh maith le haiseolas ó shaineolaithe eile.

Cé nach bhfuil siad ceangailteach ó thaobh dlí de, leagtar amach sna treoirlínte sin léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Ghnímh um an Intleacht Shaorga ag an gCoimisiún, lena dtreorófar a ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin.

Faigh tuilleadh eolais faoi na Treoirlínte do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha: