Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Saoirse na meán: Iarrann an Coimisiún ar an Ungáir cloí le rialacha an Aontais maidir le cumarsáid leictreonach

Chinn an Coimisiún tuairim réasúnaithe a chur chuig an Ungáir maidir le cinneadh a rinne Comhairle Meán na hUngáire diúltú d’iarratas Klubradio ar úsáid speictrim raidió ar fhorais an-amhrasach.

photo of a radiostation studio with microphone and computer screens

iStock photo Getty Images plus

Na coinníollacha a bhaineann le húsáid speictrim raidió agus nósanna imeachta chun na cearta sin a dheonú, a fhadú, a athnuachan nó a chúlghairm, tá siad faoi réir rialacha teileachumarsáide an Aontais, a leagtar amach sa Chód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Treoir (AE) 2018/1972). Is iad prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe príomheilimintí na rialacha sin. Creideann an Coimisiún go raibh na cinntí a rinne Comhairle Meán na hUngáire athnuachan chearta Klubradio a dhiúltú díréireach agus neamhthrédhearcach agus, dá bhrí sin, gur sháraigh siad dlí an Aontais. Measann an Coimisiún freisin gur cuireadh dlí náisiúnta na meán san Ungáir i bhfeidhm ar bhealach idirdhealaitheach sa chás áirithe seo. Chuir an Coimisiún tús leis an nós imeachta um shárú trí litir fógra fhoirmiúil a sheoladh chuig údaráis na hUngáire an 9 Meitheamh 2021, agus níor shásaigh an fhreagairt a sheol údaráis na hUngáire na hábhair imní a chuir an Coimisiún in iúl. Mura gcuireann an Ungáir a cinneadh i gcomhréir le rialacha teileachumarsáide an Aontais laistigh de 2 mhí, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh an cás a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.