
Sonraítear sa ghníomh cur chun feidhme seo bearta bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil chomh maith leis na cásanna inar cheart teagmhas a mheas mar theagmhas suntasach agus ba cheart do chuideachtaí a sholáthraíonn bonneagair dhigiteacha agus seirbhísí digiteacha é a thuairisciú do na húdaráis náisiúnta. Is céim mhór eile é sin chun borradh a chur faoi chibear-athléimneacht bhonneagar digiteach criticiúil na hEorpa.
Beidh feidhm ag an rialachán cur chun feidhme sin a glacadh maidir le catagóirí sonracha cuideachtaí a sholáthraíonn seirbhísí digiteacha, amhail soláthraithe seirbhísí néalríomhaireachta, soláthraithe seirbhísí lárionaid sonraí, margaí ar líne, innill chuardaigh ar líne agus ardáin líonraithe shóisialta, gan ach cúpla ceann a lua. I gcás gach catagóire soláthraithe seirbhíse, sonraítear sa ghníomh cur chun feidhme cathain a mheastar teagmhas a bheith suntasach, cé dó ar gá é a thuairisciú agus cén tréimhse ama ina leith.
Glacadh an rialachán cur chun feidhme i gcomhthráth leis an spriocdháta do na Ballstáit chun Treoir NIS2 a thrasuí sa dlí náisiúnta. Ón 18 Deireadh Fómhair 2024, ní mór do na Ballstáit uile na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun rialacha cibearshlándála NIS2 a chomhlíonadh, lena n-áirítear bearta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin.
Léigh an phreaseisiúint iomlán.
Tuilleadh eolais:
- Gníomh Cur Chun Feidhme Threoir NIS2
- Bileog eolais faoin Treoir maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais (NIS2)
- Ceisteanna agus Freagraí faoi NIS2: Straitéis nua Chibearshlándála an Aontais agus rialacha nua chun eintitis chriticiúla fhisiciúla agus dhigiteacha a dhéanamh níos athléimní
- Treoir maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais (Treoir NIS2)
- Beartais Chibearshlándála an Choimisiúin